Ceapann OÉ Gaillimh Oifigeach Oideachais Taistealaithe

Sep 13 2021 Posted: 13:06 IST

Tá an chéad Oifigeach Oideachais Taistealaithe lánaimseartha ceaptha ag OÉ Gaillimh chun ceannas a ghlacadh ar theagasc agus ar fhoghlaim na mac léinn ó phobal na dTaistealaithe. 

Tá Owen Ward, Taistealaí, múinteoir cáilithe agus alumnus de chuid na hOllscoile, chun an ról a ghlacadh agus forbróidh OÉ Gaillimh samhail chun cumhacht a thabhairt do phobal na dTaistealaithe bacainní ar rochtain, dul chun cinn, coinneáil agus rath san ardoideachas a shárú. 

D’fháiltigh Simon Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, TD, roimh an gceapachán, ag rá: “Is iontach an eiseamláir é Owen dá theaghlach agus do phobal na dTaistealaithe ar fad. Sháraigh sé dúshláin agus d’athraigh sé an treo dá thodhchaí féin agus do thodhchaí phobal na dTaistealaithe chomh maith. 

“Tá an t-ardoideachas ann do gach duine agus tá sé an-tábhachtach chun comhionannas agus deiseanna a thabhairt do chách. Is é ár misean sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a chinntiú nach bhfágtar aon duine ar lár. Agus muid ag iarraidh córas ardoideachais níos uilechuimsithí a bhaint amach do chách, níl aon amhras orm ach go mbeidh ról ollmhór ag Owen sa mhéid seo amach anseo. Guím gach rath air sa ról nua seo agus ba mhaith liom OÉ Gaillimh a mholadh as leanúint de ról ceannaireachta a imirt sa réimse seo." 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “In OÉ Gaillimh, is ollscoil muid atá ar mhaithe le leas an phobail, le fís chomhroinnte, múnlaithe ag ár luachanna. 

“Téann ceapachán Owen Ward mar Oifigeach Oideachais Taistealaithe go croí na hoibre seo chun ár luachanna a chur chun cinn, go háirithe an tábhacht a leagaimid ar mheas agus ar oscailteacht, chomh maith le cultúr a chothú a chruthaíonn deiseanna san oideachas do dhaoine ó gach cúlra. Is ceannródaí den scoth é agus eiseamláir dúinn ar fad.” 

Beidh ról Owen Ward ina chuid lárnach d’obair Ionad Rochtana OÉ Gaillimh. Déanfaidh an tOifigeach Oideachais Taistealaithe bainistiú ar Mincéirs Misl'd in Education – chun cumhacht a thabhairt do Thaistealaithe na hÉireann aistriú chuig an Ardoideachas agus muintearas a mhothú ann. Tá an tionscadal maoinithe ag an bhFóram Náisiúnta d’Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama. 

Oibreoidh an tOifigeach Oideachais Taistealaithe i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara éagsúla, idir eagraíochtaí Taistealaithe agus pobal na dTaistealaithe agus tógfaidh siad ar pholasaithe agus ar straitéisí criticiúla rialtais chun tuiscint mhionsonraithe, fhianaise-bhunaithe a sholáthar ar bhacainní ar rochtain, dul chun cinn agus fanacht san ardoideachas do Thaistealaithe na hÉireann. 

Dúirt Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in OÉ Gaillimh: “Guím gach rath ar ár nOifigeach Oideachais Taistealaithe nua, Owen Ward, sa ról seo. 

“Tá lúcháir mhór orm do Owen, a theaghlach agus a phobal; is iontach an rud é Owen a fheiceáil ag dul ar aghaidh chuig an gcéim seo ina ghairm agus níl aon amhras orm ach go bhforbróidh sé an réimse straitéiseach seo ar bhealach a thacóidh le pobal na hOllscoile ar bhealach fiúntach chun eispéireas oideachasúil uilechuimsitheach a sholáthar do phobal na dTaistealaithe san ardoideachas. 

“Is fada linn go bhfeicfimid Owen ag baint leas as a thaithí chun cabhrú leis an réimse seo a fhorbairt de réir straitéisí na hOllscoile agus na straitéisí náisiúnta.” 

Dúirt Owen Ward: “Is é príomhchuspóir an tionscadail tacú le straitéisí earcaíochta agus tacaíochta a fhorbairt agus le modhanna teagaisc agus foghlama fianaise-bhunaithe mar iarracht chun aghaidh a thabhairt ar a laghad Taistealaithe atá san ardoideachas. Cuirfidh sé ar chumas na dTaistealaithe sna hiar-bhunscoileanna, sa bhreisoideachas agus mic léinn lánfhásta dul ar aghaidh chuig ardoideachas agus muintearas a mhothú, agus a bheith rathúil ina gcuid staidéir in OÉ Gaillimh.  

“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun torthaí dearfacha a bhaint amach do phobal na dTaistealaithe san oideachas. Cuireann an tionscadal seo béim ar thiomantas leanúnach OÉ Gaillimh rannpháirtíocht na dTaistealaithe san ardoideachas a mhéadú.” 

Críoch 

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories