Báid rámhaíochta nua ainmnithe in ómós do mhic léinn agus alumni

Ó chlé - Ciro Prisco, Príomhchóitseálaí Chumann Rámhaíochta OÉ Gaillimh; Fiona Murtagh, a bhuaigh bonn cré-umha i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo 2021; Cliodhna Nolan a bhuaigh bonn óir i gCraobhchomórtais na hEorpa 2020; agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh
Apr 29 2022 Posted: 14:07 IST

Ta ceithre bhád rámhaíochta nua ainmnithe ag OÉ Gaillimh in ómós do lúthchleasaithe i measc na mac léinn reatha agus i measc alumni a rinne cion fir le go n-éireodh leis an bhfoireann agus le agus go dtiocfadh bláth uirthi.

Is iad na alumni atá i gceist Chris O’Dea agus an Dr Donnacha Ó Donnchadha, nach maireann, a bhí tráth ina rámhaithe le Coláiste Iognáid agus le Club Rámhaíochta OÉ Gaillimh.

Is iad na mic léinn atá i gceist na lúthchleasaithe Cliodhna Nolan a bhuaigh bonn óir i gCraobhchomórtais na hEorpa 2020, agus Fiona Murtagh, a bhuaigh bonn cré-umha i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo 2021.

Deir an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Tá lúcháir orainn a bheith in ann aitheantas agus ómós a thabhairt do thiomantas agus do dhíograis Dhonnacha, Chris, Fiona agus Chliodhna agus iad ag tabhairt go paiteanta faoi éachtaí rámhaíochta agus spóirt thar ceann na hOllscoile.

“Is ambasadóirí den chéad scoth iad don Ollscoil agus do luachanna na hOllscoile, go háirithe an luach a bhaineann le barr feabhais a bhaint amach. D’fhéadfá a rá gur a bhuíochas le tacaíocht, spreagadh agus díocas na mac léinn agus na alumni a baineadh na héachtaí sin amach.”

Bhí an méid seo le rá ag Ciro Prisco, Príomhchóitseálaí Chumann Rámhaíochta OÉ Gaillimh: "Deis cuí is ea searmanas ainmnithe bád chun aitheantas a thabhairt do na alumni agus do na lúthchleasaithe a bhí lárnach sa chaoi ar éirigh chomh maith sin le Club Bád OÉ Gaillimh.

“Bhí ról nach beag ag an tiomantas, an tacaíocht agus an uaillmhian a léirigh Chris O’Dea agus an Dr Ó Donnchadha leis an gcinneadh post Cóitseálaí Rámhaíochta Ardfheidhmíochta a bhunú san Ollscoil. Chuir a gceannródaíocht bonn faoi fhorbairt conairí do mhic léinn ar lúthchleasaithe iad a thabharfadh deis dóibh a n-aisling a fhíorú agus a bheith ag iomaíocht ag na leibhéil is airde.

"Ní hamháin go n-éiríonn lenár mic léinn ar lúthchleasaithe iad agus iad ag iomaíocht ar fud an domhain ach seasann siad le luachanna an chlub agus is dea-shampla iad do mhic léinn agus do lúthchleasaithe eile.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories