Cinneadh déanta ag Údarás Rialaithe OÉ Gaillimh gur Ollscoil na Gaillimhe-University of Galway a thabharfar ar an instit

Apr 27 2022 Posted: 14:12 IST

Cinneadh déanta ag Údarás Rialaithe OÉ Gaillimh gur Ollscoil na Gaillimhe-University of Galway a thabharfar ar an institiúid feasta

Tá sé ceadaithe inniu ag Údarás na hOllscoile an institiúid a athainmniú mar Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway. 

Tá sé beartaithe ag an Ollscoil glacadh leis an ainm nua go foirmiúil ag deireadh an tsamhraidh. 

Uaidh sin amach, úsáidfear teideal dátheangach na hollscoile – Ollscoil na Gaillimhe – Univerity of Galway – ar gach cáipéis oifigiúil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na hOllscoile as a machnamh a dhéanamh ar theideal agus ar fhéiniúlacht ár n-ollscoile amach anseo. 

“Tá go leor machnaimh déanta againn ar an gcinneadh ár nOllscoil a athainmniú agus is cinneadh é atá á ghlacadh tar éis mionmheasúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna chomh maith le comhairliúchán cuimsitheach agus plé inmheánach. Táimid thar a bheith buíoch de gach duine a thug faoin obair sin.

“Tá an ollscoil seo i nGaillimh agus is í ollscoil na Gaillimhe í ó lár an naoú haois déag. Tugann Ollscoil na Gaillimhe, University of Galway, léargas níos soiléire ar cé muid féin mar institiúid agus ar ár n-áit. Is áit tionsclaíochta agus cruthaitheachta í Gaillimh, áit saoránachta agus áit díospóireachta. Áit idir eatarthu, agus i lár líonra campas ó Shionainn go Dún na nGall, ar an imeall agus idir ilchríocha, bímid ag breathnú chun cinn anseo gach lá. 

“Ach an oiread le gach taiscéalaí maith, gach eachtránaí maith, gach taighdeoir maith, tuigimid gurb é an rud is fearr don mhac léinn agus don tsochaí muid a bheith ag smaoineamh ar cad atá amach romhainn i gcónaí. 

“Mar phobal scoláirí i bpobal léinn, leanfaidh an traidisiún fada mór le rá seo agus treocht na fiosrachta, an uaillmhian seo dár n-áit agus ón áit seo, agus muid ag cur chun cinn ár luachanna measa, sármhaitheasa, oscailteachta agus inbhuanaitheachta, ar mhaithe le leas an phobail. 

“Tá an ollscoil bródúil as an ról a bhí agus atá aici in aistear na Gaillimhe le bheith ina cathair dhomhanda.  Tá fás tagtha ar an gcathair agus ar an ollscoil le chéile agus cuimsíonn ár n-ainm nua an stair sin agus is gealltanas é don todhchaí.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories