OÉ Gaillimh chun tosaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe

Apr 28 2022 Posted: 16:04 IST

Tá an Ollscoil ag uimhir 5 sa domhan maidir le Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach

OÉ Gaillimh ar an institiúid ardoideachais is fearr de réir ranguithe Tionchair THE 

Tá OÉ Gaillimh ainmnithe mar an ollscoil is fearr in Éirinn maidir le forbairt inbhuanaithe.

In eagrán 2022 de Ranguithe Tionchair an Times Higher Education tá an Ollscoil sa 47ú háit as 1,406 institiúid ar fud an domhain – ag baint áit amach i measc an 50 ollscoil is fearr tar éis a bheith sa 82ú háit anuraidh.

De réir na tuarascála chomh maith tá OÉ Gaillimh ar an gcúigiú hollscoil is fearr ar domhan maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach.

Tá measúnuithe do ranguithe Tionchair THE bunaithe ar aighneachtaí ó ollscoileanna ar fud an domhain i gcomhréir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is léiriú é ar an tionchar dearfach sóisialta agus eacnamaíoch atá ag institiúidí ar an bpláinéad; lena n-áirítear gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne, dea-shláinte agus folláine.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar na spriocanna is tábhachtaí atá le baint amach ag an domhan, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil tionchar dearfach againn maidir le todhchaí inbhuanaithe a chruthú dár bpláinéad.

“In OÉ Gaillimh, is ceann dár gcroíluachanna í an inbhuanaitheacht, agus táimid ag tnúth le cur lenár gcuid oibre d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda seo mar chuid dár misean lárnach le freastal ar leas an phobail.” 

Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile: “Ba mhaith liom an obair chrua atá ar siúl ag ár meitheal foirne, mac léinn agus comhpháirtithe pobail a mholadh mar aon lena dtiomantas chun an Ollscoil a bhunú mar mhúnla institiúideach ceannródaíoch don inbhuanaitheacht agus don fhorbairt inbhuanaithe.

“Ba iad ár gcuid mac léinn go príomha a chuir ceist na hinbhuanaitheachta ar chlár oibre na hOllscoile, agus leis sin gheallamar iarracht a dhéanamh freagairt do na dúshláin atá romhainn agus muid dílis do luachanna ár nOllscoile – Meas, Oscailteacht, Inbhuanaitheacht agus Sármhaitheas.”

Rinne OÉ Gaillimh go han-mhaith agus d’éirigh linn dul chun tosaigh i roinnt mhaith de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena n-áirítear:

-      SDG 12: Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach, rangaithe sa 5ú háit

-      SDG 11: Cathracha & Pobail Inbhuanaithe, rangaithe sa 31ú háit 

-      SDG 14: Beatha faoi Uisce, rangaithe sa 31ú háit 

-      SDG 3: Dea-shláinte & Folláine, rangaithe sa 51ú háit 

-      SDG 10: Éagothroime Laghdaithe, rangaithe sa 58ú háit

-      SDG 16: An tSíocháin, an Ceartas agus Institiúidí Láidre, rangaithe sa 59ú háit

-      SDG 17: Comhpháirtíocht do na Spriocanna, rangaithe sa 63ú háit 

-      SDG 7: Fuinneamh Inacmhainne & Glan, rangaithe sa 75ú háit 

-      SDG 13: Gníomhú ar son na hAeráide, rangaithe idir 101-200

-      SDG 5: Comhionannas Inscne, rangaithe idir 101-200

-      SDG 9: Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar, rangaithe idir 201-300

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoinár ndul chun cinn anseo

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories