Aitheantas á thabhairt ag OÉ Gaillimh d’Eímear Noone, cumadóir agus stiúrthóir a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici

Eímear Noone, cumadóir agus stiúrthóir a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain
Jun 14 2022 Posted: 10:18 IST

Dochtúireacht oinigh bronnta ar dhuine a chuir ceol le mórscannáin agus le cluichí físeáin a bhfuil an-tóir orthu ag searmanas bronnta an tsamhraidh san Ollscoil 

Bhronn OÉ Gaillimh dochtúireacht oinigh inniu ar Eímear Noone, cumadóir agus stiúrthóir a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain.

Bronnadh Dochtúireacht le Ceol honoris causa ar an ealaíontóir seo a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici agus a chuir ceol le 26 scannán agus cluiche físeáin ag searmanas bronnta an tsamhraidh san Ollscoil.

Bronnadh a gcéim ar nach mór 300 mac léinn de chuid OÉ Gaillimh. Ina measc bhí breis agus 180 dochtúir ar bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir sa Mháinliacht agus Baitsiléir sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO) orthu.

Is in Los Angeles agus i mBaile Átha Cliath atá cónaí ar Eímear Noone, stiúrthóir agus cumadóir a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici. Is as Cill Chonaill, Co. na Gaillimhe, di ó dhúchas agus rinne sí gaisce in 2020 nuair a bhí sí ar an gcéad bhean a stiúir an cheolfhoireann ag ócáid bhronnta Ghradaim Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí na Scannán (Academy Awards).

Tá ceol cumtha ag Eímear Noone do réimse leathan scannán agus cluichí físeáin. Tá níos mó ná 100 milliún duine ar fud an domhain tar éis a portfóilió de scóir scannán agus cluichí físeáin a chloisteáil agus is iomaí gradam de chuid an tionscail sin atá buaite aici, Gradam Hollywood Music in Media don Scór is Fearr do Chluiche Físeáin ina measc.

Rinneadh an bronnadh oinigh ag searmanas bronnta céime ceiliúrtha ar leith do níos mó ná 150 iar-mhac léinn a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2021 agus ar cuireadh a mbronnadh geimhridh ar athló, agus do chéimithe a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2020 agus ar bronnadh a gcéim orthu in absentia mar gheall ar shrianta poiblí le linn na paindéime. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Thar ceann OÉ Gaillimh, déanaim comhghairdeas le gach céimí as an obair chrua a rinne siad agus as a bhfuil bainte amach acu ainneoin na ndúshlán a bhí le sárú le tamall anuas. Táimidne in OÉ Gaillimh diongbháilte de go ndéanfaidh an Ollscoil seo a cion féin le céimithe a oiliúint a fhágfaidh a lorg ar an domhan trí chéile, agus a bheidh in ann freastal ar riachtanais ár sochaí amach anseo.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hEímear Noone chomh maith. Is mór againn a bheith in ann aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta aici i saol an cheoil agus na gcluichí físeáin.”

Bronnadh dhá cheann déag de Bhoinn don Bhliain Deiridh Leighis ar sheachtar céimithe as a fheabhas a d’éirigh leo i mbun staidéir. Bronnadh cúig cinn de na boinn sin ar Róisín Thornton as Corr Chuilinn, Co. na Gaillimhe.  Gach bliain bronnann Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte na boinn ar na mic léinn a fhaigheann an grád is airde i ngach réimse ábhair.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories