OÉ Gaillimh ag cur fáilte ar ais ar an gcampas roimh chéimithe do shearmanais bhronnadh na gcéimeanna

Mar 28 2022 Posted: 07:57 IST

Tá fáilte ar ais á chur roimh na mílte céimithe de chuid OÉ Gaillimh ar an gcampas an tseachtain seo lena muintir agus lena gcairde ag na searmanais bhronnta a bheidh ar siúl as seo go ceann coicíse.

Beidh an ceiliúradh ar siúl ón Déardaoin, an 31 Márta go dtí Dé Máirt, an 12 Aibreán agus beidh céimithe agus na daoine a bhfuil céim le bronnadh orthu a d’fhreastail ar cheithre choláiste na hOllscoile agus ar an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh i láthair.

Tá na searmanais á reáchtáil do chéimithe a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2021 agus ar cuireadh a searmanas bronnta céime geimhridh ar athló, agus tá ceiliúradh speisialta bronnta céime ar siúl freisin do chéimithe a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2020 agus ar bronnadh a gcéim orthu in absentia mar gheall ar shrianta na paindéime.

Chláraigh thart ar 3,000 céimí ó 2020 agus thart ar 4,000 ó 2021 le freastal ar na searmanais. Déanfar sruthú beo ar gach searmanas bronnta freisin chun freastal ar mhic léinn agus a dteaghlaigh agus a gcairde nach bhfuil in ann a bheith i láthair.

Tá sé fógartha ag OÉ Gaillimh cé hiad an t-ochtar a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu ag na searmanais chomh maith:

  • Jean Kelly – Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais ar scor, Grúpa Cúraim Sláinte Ollscoile Saolta, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.
  • An tOllamh David Harper – Ollamh le Pailé-ointeolaíocht in Ollscoil Durham agus saineolaí idirnáisiúnta mór le rá ar phailé-ointeolaíocht agus ar éabhlóid.
  • Evelyn O’Toole – Bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Complete Laboratory Solutions (CLS).
  • An tOllamh Hubert McDermott – iarOllamh le Béarla in OÉ Gaillimh agus iarbhall d’Údarás na hOllscoile.
  • Dick Byrne – Ailtire a chuireann go mór leis na healaíona i nGaillimh.
  • Ronnie O’Gorman – Bunaitheoir agus úinéir an Galway Advertiser.
  • Ailbhe Smyth – Acadóir agus gníomhaí Éireannach.
  • Bob Quinn – Déantóir scannán, stiúrthóir, grianghrafadóir, scríbhneoir, eagarthóir agus ball d’Aosdána.

Ag labhairt dó roimh na searmanais bhronnta, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is iontach an rud é go bhfuil na searmanais bhronnta ar ais ar an láthair, agus muid ag fáiltiú roimh na mic léinn sin ar fad ar ais ar an gcampas seo lena dteaghlach agus lena gcairde.

“Ba mhaith liom ár gcéimithe go léir ó 2020 agus 2021 a mholadh as a bheith i mbun léinn fad a bhí an phaindéim ann, agus comhghairdeas a dhéanamh leo as a bhfuil bainte amach acu thar aon bhaicle eile.

 “Is mór againn ár gcéimithe go léir agus chuir gach duine den ochtar laoch a bhfuil Céim Oinigh á bronnadh orthu go mór le réimsí éagsúla ─ na healaíona, cúrsaí gnó, an litríocht agus an iriseoireacht, an t-oideachas, agus an eolaíocht agus an leigheas. Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh a bheith in ann meas a léiriú agus aitheantas a thabhairt go hoscailte do shárshaothar na ndaoine eisceachtúla seo.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2021 agus 2020 le fáil ag https://www.nuigalway.ie/conferring/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories