Fógraíonn Ollscoil na Gaillimhe cé orthu a mbeidh Céimeanna Oinigh á mbronnadh in 2022

Nov 16 2022 Posted: 14:34 GMT

Déanfaidh an Ollscoil ceiliúradh chomh maith ar na daoine ar bronnadh Céim Oinigh orthu in 2021.

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu cé orthu a mbeidh Céimeanna Oinigh á mbronnadh ag Searmanais Bhronnta an Gheimhridh 2022.

Beidh an ceiliúradh ar siúl ó Dé Céadaoin, an 23 Samhain, go dtí Dé Máirt, an 29 Samhain, agus beidh an dream a mbronnfar Céim Oinigh orthu i gcomhluadar níos mó ná 3,600 mac léinn a bheidh ag baint a gcéime amach ar na cúig lá sin. 

Is iad an ceathrar a mbronnfar Céim Oinigh orthu ag Searmanais Bhronnta an Gheimhridh 2022:

  • Margaretta D’Arcy: Gníomhaí, aisteoir, drámadóir agus scríbhneoir, agus ball d'Aosdána.
  • Lelia Doolan: Stiúrthóir agus léiritheoir scannáin, agus scríbhneoir.
  • An Dr Jerry Cowley: Dochtúir leighis, abhcóide Éireannach, agus ionadaí poiblí
  • Ronan Scully: Daonnúlach, saorálaí agus tiomsaitheoir airgid do charthanais.

Déanfaidh an Ollscoil ceiliúradh freisin ar bheirt de na daoine ar bronnadh Céim Oinigh orthu in 2021 ach nach raibh in ann a gcéim a fháil roimhe seo mar gheall ar na dúshláin a bhain leis an bpaindéim.

  • Máirtín O’Connor: Ceoltóir traidisiúnta agus cumadóir clúiteach.
  • Mary O’Malley: File a bhfuil go leor gradam bainte amach aici, agus comhalta d’Aosdána. 

Grianghraif ár fáil anseo Céimeanna Oinigh 

Ag labhairt dó sular thosaigh na searmanais bhronnta, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, tá lúcháir orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt don ghrúpa daoine eisceachtúla seo, agus an gradam seo a bhronnadh orthu agus muid ag ceiliúradh chomh maith ar a bhfuil bainte amach ag breis agus 3,600 dár gcuid mac léinn i gceithre Choláiste na hOllscoile.  Tá cion fir agus cion mná déanta ag gach duine díobh ar mhaithe leis an saol poiblí, chun cur leis an tsochaí agus chun leasa an chine dhaonna, agus rinne siad a gcuid le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar an domhan, dualgas atá orainn ar fad.

“Is iontach freisin a bheith in ann éachtaí ár gcéimithe den scoth agus iad siúd a bhfuil gradam oinigh á mbronnadh orthu den chéad uair faoi ainm nua agus faoi fhéiniúlacht nua na hOllscoile a cheiliúradh. Déanaimid gach rud a seasann Ollscoil na Gaillimhe dó a cheiliúradh, idir ár luachanna, ár gcuid oibre ar son leas an phobail agus an ceangal láidir atá againn leis an áit ina bhfuilimid lonnaithe.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2022 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories