Lá Oscailte Iarchéime Ollscoil na Gaillimhe chun léargas a thabhairt ar dheiseanna scoláireachta agus maoinithe do 2023

Nov 04 2022 Posted: 12:35 GMT

Díreofar ag Lá Oscailte Iarchéime an Fhómhair in Ollscoil na Gaillimhe ar inacmhainneacht an staidéir iarchéime agus ar na deiseanna maoinithe agus scoláireachta ar fad ar cheart do mhic léinn a fhiosrú agus iad ag smaoineamh ar infheistiú a dhéanamh ina n-oideachas agus ina ngairm bheatha.

Beidh an Lá Oscailte Iarchéime ar siúl Dé Máirt, an 8 Samhain ó 12-3pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn.

Beidh eolas le fáil faoi chláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint san Ollscoil, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, agus roghanna taighde dochtúireachta.

Beidh roinnt cainteanna ar siúl lena n-áirítear plé painéil ar chonairí gairme, deiseanna deontais, maoiniú iarchéime agus an próiseas iarratais. Beidh cur i láthair ar siúl chomh maith ar Scéim Scoláireachtaí PhD Hardiman, chomh maith le Leideanna Iarratais Iarchéime agus Conas Ráiteas Pearsanta Éifeachtach a Scríobh, cur i láthair ó fhoireann an Ionaid Forbartha Gairmeacha agus na hOifige Iontrála.

Mar chuid den fhócas straitéiseach atá ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt d’fheabhas agus do rathúlacht, tá gach mac léinn iarchéime de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach acu ina bhfochéim i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht €1,500 i dtreo a gcúrsa Máistreachta múinte san Ollscoil.

 

Bronnadh Scoláireacht Sármhaitheasa ar Emily Atkinson, céimí an MSc in Consumer Psychology. Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Is deis iontach í an scoláireacht iarchéime a spreagann agus a thugann luach saothair don obair chrua a bhaineann le céadonóracha a bhaint amach. Thug an scoláireacht deis dom díriú ar an gcúrsa iarchéime ceart a aimsiú dom féin, agus díriú ar mo chuid staidéir le linn mo Mháistreachta.

Dúirt Valerie Leahy, Oifigeach Earcaíochta Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Molaimid go háirithe do chuairteoirí atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar staidéar ollscoile freastal ar ár Lá Oscailte Iarchéime. I gcás beagnach leath díobh siúd a chuireann isteach ar ár gcúrsaí iarchéime níl siad díreach tar éis céim a bhaint amach, tá siad ag filleadh ar an staidéar nó ag tabhairt faoi bhreisoiliúint dá bpost reatha. Cuirtear tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá imithe as an gcóras oideachais le tamall anuas agus léiríonn ár dtaighde go n-éiríonn go maith go hacadúil le mic léinn atá ag obair nó ag baile agus atá ag filleadh ar an oideachas.”

Bíonn cláir iarchéime nua nuálacha ag Ollscoil na Gaillimhe gach bliain, ar tairiscintí uathúla go leor acu. Tá siad seo deartha chun freastal ar riachtanais an tionscail agus ar éileamh an mhargaidh. I measc cuid de na cúrsaí nua d’iontráil 2023 tá MA (Languages & Business), MSc (Cybersecurity Risk Management), agus MSc (Health Data Science).

Tá raon Clár Máistreachta Struchtúrtha nua ar fáil freisin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis agus sa Spáinnis. Is féidir le gairmithe fáilteachais tabhairt faoin Teastas Iarchéime in Hospitality Managmenet i gColáiste Ósta na Sionna, clár atá deartha chun eolas ar chórais, ar threochtaí agus ar fheidhmchláir ghnó a fhorbairt. Beidh eolas ar gach clár nua, mar aon leis an 200 clár iarchéime eile atá ag Ollscoil na Gaillimhe, ar fáil ag an taispeántas i Halla Bailey Allen. 

Is gá áit a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories