Deiseanna iarchéime á dtaispeáint ag oíche oscailte in Ollscoil na Gaillimhe

Jan 30 2023 Posted: 12:22 GMT

Beidh oíche oscailte iarchéime Ollscoil na Gaillimhe ar siúl ar an gcampas Dé Máirt, an 7 Feabhra 2023 ó 4.30pm-7.30pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn.

Beidh níos mó ná 200 cúrsa iarchéime á dtairiscint ag oíche oscailte Ollscoil na Gaillimhe idir na Daonnachtaí, Gnó, Dlí, Innealtóireacht, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht, Altranas, agus Leigheas agus na hEolaíochtaí Sláinte. Is imeacht tábhachtach é seo dóibh siúd ar mian leo a scileanna a leathnú, a réimsí saineolais a bheachtú, a saineolas a mhéadú agus a ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú ar deireadh thiar.

Beidh eolas le fáil faoi chláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint san Ollscoil, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, agus roghanna taighde dochtúireachta. Tá roghanna foghlama solúbtha, ar líne agus cumaisc ar fáil freisin.

Beidh cuid den fhoireann acadúil ar fáil chun bualadh le mic léinn ionchasacha chun deiseanna staidéir, riachtanais iontrála agus cosáin gairme a phlé agus beidh cuid den fhoireann tacaíochta iarchéime ar fáil chun iarratais, iontrálacha, scoláireachtaí agus táillí a phlé. Cuirfidh an chaint ‘Scoláireachtaí agus Maoiniú Iarchéime’ i láthair raon scéimeanna atá ann chun cuidiú le staidéar iarchéime a dhéanamh níos réasúnta.

Mar chuid den fhócas straitéiseach atá ar bhunchéim ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt d’fheabhas agus do rathúlacht, tá mic léinn de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach acu ina mbunchéim i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht €1,500 i dtreo a gcúrsa máistreachta múinte san Ollscoil.

Dúirt Emily Atkinson, céimí de chuid an MSc in Consumer Psychology agus ar bronnadh scoláireacht uirthi, an méid seo a leanas: “Is deis iontach í an scoláireacht iarchéime a spreagann agus a thugann luach saothair don obair chrua a bhaineann le céadonóracha a bhaint amach. Thug an scoláireacht deis dom díriú ar an gcúrsa iarchéime ceart a aimsiú dom féin, agus díriú ar mo chuid staidéir le linn mo mháistreachta.

Dúirt Valerie Leahy, Oifigeach Earcaíochta Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Molaimid go háirithe do chuairteoirí atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar staidéar ollscoile freastal ar ár Lá Oscailte Iarchéime. I gcás beagnach leath díobh siúd a chuireann isteach ar ár gcúrsaí iarchéime níl siad díreach tar éis céim a bhaint amach, tá siad ag filleadh ar an staidéar nó ag tabhairt faoi bhreisoiliúint dá bpost reatha.

“Tá luach cáilíochta iarchéime cruthaithe i dtéarmaí infhostaitheachta agus dul chun cinn gairme a fheabhsú, tuilleamh saoil a mhéadú, scileanna inaistrithe luachmhara a fhoghlaim a bhfuil meas ag fostóirí orthu, agus cuireann go leor dár gcúrsaí deiseanna socrúcháin agus intéirneachtaí ar fáil freisin.”

Moltar áit a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories