Seachtain na Gaeilge 2023 seolta in Ollscoil na Gaillimhe

Barry Ó Siochrú, Leas-Uachtarán don Ghaeilge, Comhaltas na Mac Léinn; Michelle Ní Chróinín, Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála, Ollscoil na Gaillimhe; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe; an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid & Meabhránaí, Ollscoil na Gaillimhe; Íde Ní Ifearnáin, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Ollscoil na Gaillimhe.
Mar 06 2023 Posted: 11:45 GMT

Tá Seachtain na Gaeilge 2023 á ceiliúradh in Ollscoil na Gaillimhe agus neart imeachtaí eagraithe ar champas na hOllscoile idir seo agus Lá Fhéile Pádraig.

Ceann dena phríomhbhuaicphointí a bheidh ag tarlú i rith Seachtain na Gaeilge ná na Gradaim Aitheantais Gaeilge do scoláirí an Teastais Shóisearaigh a bheidh ar bun Dé Luain, 13 Márta at 5pm. Déanfar éachtaí na scoláirí ar éirigh leo ‘pas le gradam’ a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil an Teastais Shóisearaigh a cheiliúradh ag an ócáid speisialta seo.

Tá Seachtain na Gaeilge 2023 lárnach i bhféilire imeachtaí na hOllscoile agus seo hé an chéad uair a mbeidh an fhéile á ceiliúradh ar champas na hOllscoile ó roimh na paindéime agus ó seoladh Straitéis na Gaeilge 2021-2025.  Leagann an Straitéis amach fís uaillmhianach le beocht a chur i gcampas dhátheangach na hOllscoile agus le bealach a leagan amach chun cultúr iomlán dátheangach a bhaint amach, trí pholasaithe oibríochta, struchtúir rialachais agus tacaíocht do phobal na Gaeilge. 

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl áirítear:

  • Tae agus Plé: Dé Máirt, 7 Márta ag 11rn. Má tá spéis agat bualadh le Gaeilgeoirí eile bí linn i Seomra na Coiribe i Sult, áit a mbeidh neart tae agus plé agus craic agus comhluadar.
  • Ciorcal Amhránaíochta le TradSoc: Dé Máirt, 7 Márta ag 1in i gCaifé na Gaeilge, Áras na Gaeilge
  • Ceardlann Gairmeacha le Conradh na Gaeilge: Déardaoin, 9 Márta ag 6in 
  • Cartlann Chonradh na Gaeilge: Dé Céadaoin, 15 Márta ag 1in sa Téatar in Áras na Gaeilge.  Ócáid phoiblí, ina bpléifear tionscnamh nua taighde 'CARTLANN, Gníomhachas, teanga agus na meáin', agus gnéithe eile. Craoladh beo, le hagallamh leis an aisteoir, file agus taighdeoir, an Dr Colm Mac Gearailt.
  • Oíche Chultúir Ghaelaigh: Dé Céadaoin, 15 Márta ag 7.30in in Áras na Gaeilge.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh agus Seachtain na Gaeilge á seoladh san Ollscoil aige: “Tuigeann muid ar fad luach agus fiúntas na Gaeilge agus tacaíonn muid go hiomlán le baill foirne, le mic léinn agus leis an bpobal atá ag feidhmiú trí Ghaeilge ina gcuid oibre, agus ag cur chun cinn agus ag neartú na Gaeilge mar theanga bheo.  Is cuid lárnach dhomhain dár bhféiniúlacht agus dár saol í an Ghaeilge agus leanfaidh muid den obair lena chinntiú gur ó neart go neart a thiocfaidh sí, agus muid ag tacú leis an mborradh atá tagtha ar an spéis atá á cur ag an gcéad ghlúin eile inti.” 

Dúirt Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, Caroline Ní Fhlatharta: “Beidh fáilte agus fiche roimh chách ag na himeachtaí go léir atá curtha le chéile chun freastal ar phobal Gaeilge na hOllscoile – idir chainteoirí líofa, foghlaimeoirí, agus daoine nach bhfuil acu ach cúpla focal, ach a bhfuil suim acu sa nGaeilge.”   

Tá an clár imeachtaí iomlán atá beartaithe in Ollscoil na Gaillimhe le linn Sheachtain na Gaeilge ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/snag23/ nó https://su.nuigalway.ie/seachtain-na-gaeilge-4/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories