Seolann an tAire Lawless clár nua Cógaisíochta

An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, le Nathan Lee ó Choláiste Sheosaimh (An Bish), Cathair na Gaillimhe, agus Grace Clifford ó Choláiste na nDoiminiceach (An Bóthar Ard), Gaillimh. Grianghraf – Andrew Downes, Xposure.
May 19 2025 Posted: 12:19 IST

Rinne an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, an clár nua Cógaisíochta (MPharm) in Ollscoil na Gaillimhe a sheoladh go hoifigiúil. Cuirfear suas le 75 áit ar fáil do mhic léinn nua gach bliain ar an gclár seo.  

Is éacht suntasach atá sa chéim nua seo don oideachas cúraim sláinte agus táthar á maoiniú mar chuid d’infheistíocht an Rialtais i leathnú na gclár cúraim sláinte atá ar fáil san ardoideachas. Is é seo an chéad chlár Máistreachta sa Chógaisíocht in Iarthar na hÉireann. 

Sheol an tAire Lawless an Mháistreacht sa Chógaisíocht go foirmiúil le linn a chuairte ar Ollscoil na Gaillimhe.  

Táthar ag glacadh le hiarratais ar an Máistreacht sa Chógaisíocht anois tríd an CAO, agus glacfar leis an gcéad ghrúpa 45 mac léinn i Meán Fómhair 2025. Sna blianta ina dhiaidh sin, beifear ag tairiscint 75 áit in aghaidh na bliana. 

Agus é ag fógairt go rabhthas ag glacadh le hiarratais anois ar an gclár nuasheolta seo, dúirt an tAire Lawless TD: “Is forbairt mhór é an clár nua Máistreachta sa Chógaisíocht in Ollscoil na Gaillimhe d’Iarthar na hÉireann, do mhic léinn, agus do thodhchaí an oideachais cúraim sláinte sa tír seo. 

Is léiriú é ar an gcaoi a bhfuil infheistíocht an Rialtais san ardoideachas ag cur leis na deiseanna atá ar fáil do mhic léinn agus ag freastal ar riachtanais an lucht saothair inár seirbhís sláinte. Trí suas le 75 áit nua a chruthú in aghaidh na bliana, ní hamháin go bhfuilimid ag feabhsú rochtain réigiúnach ar oideachas cógaisíochta ach táimid ag cinntiú freisin go mbainfidh pobail ar fud na hÉireann leas as glúin nua cógaiseoirí ardoilte, nuálacha, cógaiseoirí a thugann tús áite do na hothair. 

Ba mhaith liom Ollscoil na Gaillimhe a mholadh as an gceannaireacht agus an tiomantas atá léirithe acu chun dul i bhfeidhm ar lucht saothair cúraim sláinte na todhchaí.” 

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is céim mhór chun cinn don Ollscoil, d’Iarthar na hÉireann agus don oideachas cúraim sláinte ar fud na tíre é seoladh an chláir Máistreachta sa Chógaisíocht. Agus an clár uathúil cúraim sláinte seo á thairiscint in Ollscoil na Gaillimhe, le béim ar theagasc agus foghlaim  bhunathraitheach agus treoraithe ag taighde, táimid ag cur le tionscnaimh Rialtais atá ag freastal ar an ngá atá le lucht saothair ardoilte a mbeidh tionchar buan acu ar chúram othar a bheith ar fáil. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh an gcéad ghrúpa mac léinn i mí Mheán Fómhair.”  

Is clár comhtháite cúig bliana é an Mháistreacht sa Chógaisíocht ina dtosaíonn mic léinn ar a gcuid staidéir mar mhic léinn fochéime agus ina mbronntar Máistreacht orthu ar deireadh. Ar an gclár sealbhóidh na céimithe na scileanna cliniciúla, eolaíochta agus gairmiúla atá riachtanach i dtimpeallacht cúraim sláinte nua-aimseartha. 

Is gné amháin de leathnú an oideachais cúraim sláinte in Ollscoil na Gaillimhe é an clár seo agus is príomhghné é d’iarrachtaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte san Ollscoil aghaidh a thabhairt ar an nganntanas criticiúil lucht saothair cúraim sláinte in Éirinn, ag teacht le Plean Straitéiseach an Choláiste 2022-25. 

Tá sé beartaithe tús a chur le clár Leighis (Iontráil do Chéimithe) in Ollscoil na Gaillimhe in 2026. Cuirfidh sé seo mearchosán ceithre bliana sa Leigheas ar fáil do chéimithe, rud a ligfidh dóibh cur lena réamhghnóthachtálacha acadúla agus a bheith ina ngairmithe leighis cáilithe, le béim ar leith ar iad a ullmhú le haghaidh gairmeacha i leigheas i gceantair thuaithe agus iargúlta. 

Dúirt Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt: “Tá áthas orainn an chéad chlár cógaisíochta in Iarthar na hÉireann a chur ar fáil. Is céim ríthábhachtach é seo i dtreo ár gcóras cúraim sláinte a neartú. Tabharfar na scileanna agus an tacaíocht a theastaíonn ó chógaiseoirí amach anseo dóibh agus ag an am céanna tabharfar aghaidh ar an nganntanas criticiúil lucht saothair atá in ospidéil agus sa phobal araon. Cuirfidh cláir amhail an Mháistreacht sa Chógaisíocht cúram níos éifeachtaí agus níos inrochtana ar fáil dár n-othair san Iarthar agus san Iarthuaisceart." 

Dúirt an Dr Martina Ní Chúlain, Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte, Ollscoil na Gaillimhe: “Tá áthas an domhain orainn an chéad chlár Cógaisíochta in Iarthar na hÉireann a chur ar fáil. Trí ardscileanna a thabhairt do mhic léinn, lena n-áirítear ordú oideas, táimid ag ullmhú glúin cógaiseoirí atá faoi réir le glacadh le róil athraitheacha i bhfoirne ildisciplíneacha agus le bheith níos gníomhaí i gcúram othar. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na hOllscoile a bheith lárnach san fhorás a dhéanfar ar na tionscail chógaisíochta agus bhithchógaisíochta sa réigiún, rud a thacóidh le nuálaíocht, le cruthú post agus le forbairt eacnamaíoch atá ag teacht le láidreachtaí an Iarthair.” 

Críoch  

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories