Cruinnscríobh na Gaeilge 1

LT101

Duration

12 Seachtain

Next start date

Meán Fómhair 2025

NFQ

Level 9

ECTS

10 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Aug 22, 2025, 5PM

Fee

€850

Subsidised Fee

( ℹ ) €170

Overview

Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga.

Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán an aistriúcháin agus na scríbhneoireachta. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn.

Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí a theastaíonn chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Entry Requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.  Iarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga.

What you will Learn

Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge,
Áras na Gaeilge, Gaillimh

Email: Dorothy Ní Uigín

How to Apply

Ón 1 Bealtaine 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne. 

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Nuair a bheidh tú ag déanamh d’iarratais, cinntigh go roghnaíonn tú na catagóirí seo a leanas: 

Coláiste / Ábhar Spéise: Na hEalaíona Cruthaitheacha, na Meáin Chumarsáide & Cultúr

Clár Acadúil: Roghnaigh do chúrsa micridhintiúr ón liosta anuas 

Téarma Acadúil: Roghnaigh an téarma acadúil Fómhar 2025 (Seimeastair 1) nó Earrach 2026 (Seimeastair 2)