School of Psychology

Welcome. The School of Psychology is housed in a purpose-built facility in the centre of campus. We are dynamic, innovative and recognised for our teaching, research, and community contribution. We have a suite of professionally accredited undergraduate and postgraduate (Higher Diploma, Masters and PhD) programmes. We also have two active and successful research streams: Brain & Behaviour, and Health & Wellbeing. Researchers from both have participated in acquiring major national and international funding awards and we continue to develop a strong profile in quantity and quality of research output.

 

20 March 2023

Lá oscailte fochéime Ollscoil na Gaillimhe do dhaltaí agus do thuismitheoirí

Tá tús curtha leis an gclárú do lá oscailte bliantúil fochéime Ollscoil na Gaillimhe, a thabharfaidh deis do na mílte dalta agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí cuairt a thabhairt ar an gcampas stairiúil cois abhann seo i gcroílár chathair na Gaillimhe.  Beidh Lá Oscailte an Earraigh ar siúl ar an gcampas Dé Sathairn, an 25 Márta idir 9am agus 3pm.  Tá sé oscailte do gach scoláire sa tsraith shinsearach, iad siúd atá ag déanamh na hidirbhliana san áireamh. Buailfidh cuairteoirí le mic léinn reatha Ollscoil na Gaillimhe agus cloisfidh siad ó ollúna agus léachtóirí den scoth faoi na cúrsaí ceannródaíocha atá ar fáil agus an taighde nuálach atá idir lámha. Ní iontas ar bith go bhfuil an ollscoil seo i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain. Dúirt Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana: "Tugann lá oscailte Ollscoil na Gaillimhe deis do mhic léinn ionchasacha agus do thuismitheoirí eolas a chur ar chúrsaí, ábhair, slite beatha agus saol an mhic léinn san Ollscoil agus is deis iontach atá anseo bualadh lenár n-ollúna, léachtóirí agus mic léinn reatha agus labhairt leo. Tá cúig thaispeántas i gceist leis an imeacht agus beidh an clár is mó riamh againn le níos mó ná 100 caint faoi chúrsaí, ábhair, gairmeacha agus tacaíochtaí do mhic léinn. I measc na mbuaicphointí áirítear Saol na Mac Léinn, Spórt, Staidéar Thar Lear, Gairmeacha agus obair dheonach ALIVE. Eagróidh an tIonad Rochtana seisiún ar bhealaí iontrála eile, ar thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta agus ar an mbealach iontrála QQI/FETAC/PLC. B’fhéidir go mbeadh suim ag muintir na ndaltaí i gCaint na dTuismitheoirí a bheidh ar siúl ag 11.30am áit a mbeidh comhairle agus treoir le fáil ar an gcaoi is féidir le tuismitheoirí tacú lena gclann agus iad ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal.    Leag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta agus For-rochtana na Mac Léinn, béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a sholáthar do dhaltaí chun an campas a fheiceáil agus smaoineamh ar a gcuid staidéir amach anseo. Táimid ag súil fáilte a chur roimh na daltaí go dtí an campas áit a bhfaighidh siad taithí mhaith ar shaol na hollscoile, áit a bhfuil teagasc bunaithe ar thaighde, béim ar scileanna infhostaitheachta, socrúcháin, staidéar thar lear agus córas tacaíochta a thabharfaidh deis dóibh barr feabhais a bhaint amach. Tabharfaidh an lá oscailte blaiseadh de shaol an choláiste do dhaltaí na sraithe sinsearaí agus tá súil againn go dtuigfidh siad go mbeidh deis iontach acu agus iad ag staidéar san ollscoil amach anseo.”  -      Cuireann an Ollscoil os cionn 60 bunchéim ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta i réimsí cosúil le Leigheas, Altranas, Eolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin. -      Tugann breis agus 90% de na cúrsaí deis do mhic léinn tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear chun a chinntiú go mbíonn céimithe réidh don ionad oibre, agus go mbíonn tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu. -      Féadfaidh mic léinn a roghnaíonn staidéar a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe a bheith muiníneach go dtabharfar aitheantas ar fud an domhain dá n-obair chrua agus dá gcáilíochtaí. Tá creidiúnú aitheanta go hidirnáisiúnta ag go leor de na cúrsaí a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil agus ní iontas ar bith í a bheith ar an 2% is fearr de na hollscoileanna ar fad ar domhan. Mar chéimí de chuid na hollscoile, beidh mic léinn páirteach i bpobal domhanda láidir agus dinimiciúil de bhreis agus 110,000 alumni. Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/opendays/, nó ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie. Críoch

Read more

16 March 2023

Junior Certificate students presented with Special Irish Recognition Awards by University of Galway

University of Galway has presented students who achieved a distinction, between 90% and 100%, in their higher level Irish Junior Certificate examination with a Special Irish Recognition Award. Over 100 students from Donegal, Clare, Mayo, Leitrim, Sligo, Roscommon and Galway attended a special event in the Bailey Allen Hall in University of Galway to recognise and celebrate their achievements. These students are among the 2.6% of students across the country who achieved a distinction in the higher level T2 Irish paper, or the 3.6% of students who achieved a distinction in the higher level T1 paper in the 2022 Junior Certificate examinations. University of Galway President, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh welcomed the students and their families and also congratulated the teachers and principals from the 36 schools they are attending while recognising the hard work being done in the schools.  “I am very pleased that we can give the next generation of Irish speakers the respect and recognition they deserve, particularly as the Irish language is so important to us here at Ollscoil na Gaillimhe and that it is such a central part of our identity.” Deputy President and Registrar, Professor Pól Ó Dochartaigh also congratulated the students saying: “You should all be very proud of yourselves. You are exceptional students, with exceptional ability in the Irish language, and you are all a great source of encouragement to us as we can rest assured that the future of the Irish language is in safe hands.” The importance of thriving Irish-speaking communities in the Gaeltacht and beyond is recognised in the University’s first Irish language strategy, A Strategy for the Irish Language 2021-2025, which was launched in July 2021.  These communities were given due recognition at this event with the University fulfilling its role in leading higher education in the Irish language and showing Irish speakers respect, as is set out in the Strategy. Ends 

Read more

16 March 2023

Gradaim Aitheantais Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí an Teastais Shóisearaigh

Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam, idir 90% agus 100%, a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.  D’fhreastail breis agus 100 scoláire as Co. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen ar champas na hOllscoile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí meánscoile seo amach.   Áirítear na scoláirí seo i measc an 2.6% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 3.6% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa Teastas Sóisearach in 2022. Chuir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh fáilte chroíúil roimh na scoláirí agus a dteaghlaigh, agus rinne sé comhghairdeas leis na príomhoidí agus leis na múinteoirí a bhí i láthair ón 36 scoil ar a bhfuil na scoláirí ag freastal freisin, agus é ag tabhairt aitheantais dóibhsean as an dea-obair atá ar bun acu féin sna scoileanna. “Tá mé chomh sásta go bhfuil ar ár gcumas ómós a thaispeáint don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí, i bhfianaise go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn ar fad anseo san Ollscoil agus go bhfuil an Ghaeilge chomh lárnach inár bhféiniúlacht.” Bhí an méid seo le rá ag an t-Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe agus é ag tréaslú leis na scoláirí: “Ba cheart go mbeadh sibhse an-bhródúil asaibh féin.  Is léir gur scoláirí eisceachtúla sibh, a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge agaibh, agus is údar misnigh dúinne é go bhfuil bhur leithéid ann, agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge slán.” Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025, a seoladh i mí Iúil 2021.  Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge. Críoch 

Read more

Undergraduate

Undergraduate

Undergraduate programmes in our School

Undergraduate Programmes

Apply

Postgraduate

Postgraduate

Postgraduate programmes in our School

Postgraduate Programmes

Apply

Research

Research

Research in our School

Psychology Research

Learn more

International Students

In the School of Psychology approximately 100 visiting students from around the world take our modules each semester. We offer about 20 different modules over the course of the academic year to our visiting students. These range from foundational introductory courses to specialised final year electives. Therefore there is the opportunity for our visiting students to experience the full breadth and richness of psychological science during their time with us.

Learn More

Tweets from @nuigPsychology