Ag Tógáil don Todhchaí

  Leagan Gaeilge

Building for the Future

We will lead the transformational change of our city and region informed by the national policy of balanced regional development and sustainable cities as outlined in Project Ireland 2040. Recognising Galway city as the engine of our region, our programme of capital development will have major social, economic and cultural impact for generations to come.

Over the lifetime of this plan, we will prioritise:
  • A new innovation district, incorporating a riverside campus, on Nuns’ Island / Earls Island as the primary driver of the urban regeneration of Galway city (PB01)
  • A landmark cultural and performance space, acknowledging our role as a national cultural institution and our contribution to Galway as a city of culture (PB02)
  • A new Library, incorporating a Learning Commons that encourages and supports new forms of learning and engagement (PB03)
  • Additional affordable and sustainable on-campus accommodation for our students (PB04)
  • An infrastructural programme to enhance our visitors’ experience, recognising our unique position in the business, conference and leisure tourism market (PB05)
  • Universal design principles in our capital development across all our campuses and a programme of retrofitting older buildings to enhance physical access for all (PB06)
  • A sports campus for the future, delivering a new Water Sports Centre and 3G pitch, recognising the centrality of sport in the wellbeing of our communities (PB07)
  • Expansion of the Galway to Connemara Greenway with greater connections for cyclists and pedestrians between our campus and city (PB08)
  • A portfolio of sustainable capital projects in line with strategic priorities in partnership with Colleges, Schools, Research Institutes and campuses where areas of expansion and ambition emerge (PB09)
  • Applying our expertise, in partnership with regional and national stakeholders, to make our city and region a better place to live and work (PB10)
***

Ag Tógáil don Todhchaí

Beimid i gceannas ar ár gcathair agus ár réigiún a athrú ó bhonn bunaithe ar an bpolasaí náisiúnta arna leagan amach i dTionscadal Éire 2040 go mbeidh forbairt réigiúnach chothrom ann chomh maith le cathracha inbhuanaithe. Agus muid ag tabhairt aitheantais do chathair na Gaillimhe mar chroílár ár réigiúin, beidh mórthionchar sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha ag ár gclár forbartha caipitil do na glúnta atá le teacht.

Tabharfaimid tús áite do na nithe seo a leanas thar thréimhse an phlean seo:
  • Ceantar nuálaíochta nua, lena gcuimseofar campas cois abhann ar Oileán Altanach / Oileán an Iarla, ar forbairt í sin a chuirfidh dlús le hathnuachan uirbeach chathair na Gaillimhe (PB01)
  • Spás eiseamláireach cultúrtha agus taibhléirithe a thabharfaidh aitheantas dár ról mar institiúid cultúrtha náisiúnta agus don chion atá déanta againn do Ghaillimh mar chathair chultúir (PB02)
  • Leabharlann nua a mbeidh Ionad Foghlama inti a spreagfaidh agus a thacóidh le cineálacha nua foghlama agus rannpháirtíochta (PB03)
  • Lóistín breise ar an gcampas dár mic léinn a bheidh idir inacmhainne agus inbhuanaithe (PB04)
  • Clár infrastruchtúir a chuirfidh feabhas ar thaithí ár gcuairteoirí, a aithneoidh an suíomh uathúil atá againn sa mhargadh turasóireachta gnó, comhdhála agus fóillíochta (PB05)
  • Prionsabail an dearaidh uilíoch a chur chun feidhme inár bhforbairt caipitil i ngach ceann dár gcampais, agus clár chun foirgnimh níos sine a aisfheistiú d’fhonn cur le rochtain fhisiciúil do chách (PB06)
  • Aitheantas a thabhairt don tábhacht atá ag an spórt i bhfolláine ár bpobal trí champas spóirt a fhorbairt don todhchaí, agus ionad nua Spóirt Uisce agus páirc imeartha 3G a thógáil (PB07)
  • Cur leis an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Conamara, agus naisc níos fearr a fhorbairt do rothaithe agus do choisithe idir ár gcampas agus an chathair (PB08)
  • Portfóilió de thionscadail chaipitil inbhuanaithe a bheidh ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha i gcomhpháirtíocht le Coláistí, Scoileanna, Institiúidí Taighde agus campais sa chás go dtagann réimsí forbartha agus uaillmhéine chun cinn (PB09)
  • Ár saineolas a chur chun feidhme, i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara réigiúnacha agus náisiúnta, chun feabhas a chur ar ár gcathair agus ar ár réigiún mar áit chónaithe agus oibre (PB10)