OÉ Gaillimh atá Saineolach

  Leagan Gaeilge

Excellent NUI Galway

NUI Galway is a globally focused research-led university, internationally renowned for the quality and impact of our teaching, research and innovation. We will support ambition and enable the excellence of our people, who are leaders, innovators and critical thinkers that share a passion for understanding, educating and improving the world (CE01). We strive for excellence and impact, underpinned by integrity and professionalism. Through the excellent teaching, research and services they experience here, our students will be equipped with the knowledge and skills they need to be the next generation of changemakers that deliver impacts on our society, culture and economy.

We recognise that our distinctive location within a global hub for technology, innovation and creativity, will be key to our future success.

Our actions will reflect our commitment to drive and support excellence across our University mission.

We will deliver an excellent student-centred, research-led teaching and learning experience. This will be underpinned by increased investment in supports that develop critical thinking, leadership, professionalism and employability (CE02). We will be recognised for our culture of excellence in teaching, research and innovation, and as a destination of choice that nurtures, attracts and retains ambitious people (CE03).

We will provide programmes of development, including mentoring, coaching and training, and enhance our physical and virtual environment in order to empower our staff, students and partners to fulfil their potential (CE04).

The problems of the world are not solved from just one perspective. We therefore affirm the importance of interdisciplinarity in delivering impact. The breadth, depth and interdisciplinarity of our expertise, both fundamental and applied, across the sciences, social sciences and humanities is key to our success. It enables us to drive cultural, societal and economic change and respond to emerging fields of research. Our students will benefit directly from newly developed curricula that are research-led, drawing on the interdisciplinary strengths of our university (CE05).

We will sharpen the focus of our teaching, research and innovation using the UN Sustainable Development Goals as a blueprint to achieve a better and more sustainable future (CE06). Engaging with our partners locally, nationally and worldwide, we will invite ambition in research that underpins the following areas:

Enhancing policy and society  (CE07)

inclusive societies

children, families and human rights

health policy and economics

sustainable economic development

business innovation and entrepreneurship

Enriching creativity and culture (CE08)

digital humanities

historical and literary research

creative arts

language, culture and identity

an Ghaeilge

geography, place and politics

Improving health and wellbeing (CE09)

medical technologies

regenerative medicine

population health and health service

neuroscience

cancer research

Realising potential through data and enabling technologies (CE10)

data science and business information systems

artificial intelligence

advanced computing platforms and services

lasers and optics

Sustaining our planet and people (CE11)

climate action

clean energy

ocean, freshwater and terrestrial ecosystems

sustainable bioeconomy

One Health

We will also encourage our researchers who have the ambition to grow in both established and emerging research areas (CE12). We recognise that none of the above research areas are standalone or static. The breadth of our research and its interdisciplinarity is what drives advancement and innovation, and contributes to our university’s mission to serve the public good.

Flagship Goals for 2025

People

  • We will develop and implement a People Strategy to enable colleagues to reach their potential and support NUI Galway to achieve its ambitions, which includes a structured programme for staff training, development and mentoring (AE01)
  • We will support and enhance student transition and progression by developing and implementing a Student Success Strategy, and by investing in new processes and systems, through the Student Digital Pathways programme, that meet student needs and future-proof our university (AE02)

Teaching and Research

  • We will mainstream academic peer supports, academic skills supports and curricular innovations, recognising the centrality of excellence in teaching and learning to the mission of our university (AE03)
  • We will invest in and extend the reach of development programmes for all who teach or support excellence in student learning across our university (AE04)
  • We will identify and recognise in our policies and practices commitment to teaching, curricular innovation, scholarship, the sharing of practice, and the management of programmes (AE05)
  • We will redevelop our Library for the twenty-first century, establishing a Learning Commons that encourages and supports new forms of engagement in learning across our communities (AE06)
  • We will invigorate our research institutes to ensure our continued impact and support high standards, using this strategy and values as our lens (AE07)
  • We will invest to achieve a sustainable research ecosystem that supports our research institutes, centres, core research facilities and research support systems, with a particular focus on investment in talent and award support (AE08)
  • We will sharpen our focus on the European Union’s research agenda to maximise funding opportunities, consistent with our mission to serve society (AE09)
  • We will establish graduate schools in distinctive research priority areas and align our postgraduate programme development with the work of our interdisciplinary research institutes (AE10)

Impact and Reputation

  • We will actively contribute towards building Galway’s reputation as an internationally recognised centre of excellence for medtech, data science, culture and creativity, climate and oceans, public policy, and innovation in the Government of Ireland Future Jobs Strategy (AE11)
  • We will establish new strategic partnerships with prestigious national, European and international centres of research excellence with a focus on research collaborations and staff/student exchange (AE12)
  • We will develop a compelling content programme to showcase the outcomes and impact of our research and innovation, nationally and internationally (AE13)

  For an update on progress towards achieving these Flagship Actions, including staff perspectives on our greatest achievements, the changing context and the outstanding challenges, CLICK HERE (internal access only).

***

OÉ Gaillimh atá Saineolach

Tá OÉ Gaillimh dírithe ar thaighde lena mbaineann fócas domhanda, agus tá cáil idirnáisiúnta orainn as caighdeán agus tionchar an teagaisc, an taighde agus na nuálaíochta. Tacóimid le huaillmhian agus féachfaimid le barr feabhais ár ndaoine a éascú, ar ceannairí, nuálaithe agus smaointeoirí criticiúla iad a bhfuil an-dúil acu an domhan mór a thuiscint, a oiliúint agus a fheabhsú (CE01). Déanaimid ár ndícheall barr feabhais a bhaint amach agus tionchar a imirt, agus ionracas agus gairmiúlacht mar bhonn taca le gach rud a dhéanaimid. I ndiaidh dóibh leas a bhaint as teagasc, taighde agus seirbhísí den chéad scoth anseo san Ollscoil, beidh ár gcuid mac léinn ullmhaithe leis an eolas agus na scileanna a theastaíonn uathu le feidhmiú mar ghníomhaithe an athraithe sa todhchaí a rachaidh chun leas ár sochaí, ár gcultúr agus ár ngeilleagar.

Aithnímid go mbeidh ról lárnach ag an suíomh sainiúil ina bhfuilimid lonnaithe laistigh de mhol domhanda teicneolaíochta, nuálaíochta agus cruthaitheachta sa mhéid a éireoidh linn a bhaint amach sa todhchaí.

 

Léireoidh ár ngníomhartha ár dtiomantas chun barr feabhais a spreagadh agus a thacú i ndáil lenár misean Ollscoile.

Féachfaimid le heispéireas teagaisc agus foghlama den scoth a chur ar fáil a bheidh dírithe ar an mac léinn agus treoraithe ag taighde. Déanfar tuilleadh infheistíochta chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar a chabhróidh le smaointeoireacht chriticiúil, ceannaireacht, gairmiúlacht agus infhostaitheacht a fhorbairt (CE02). Tabharfar aitheantas dúinn as ár gcultúr feabhais i dteagasc, taighde agus nuálaíocht, agus mar cheann scríbe ina gcothaítear daoine uaillmhianacha, agus ina mealltar agus ina gcoinnítear iad (CE03).

Cuirfimid cláir forbartha ar fáil, lena n-áirítear meantóireacht, cóitseáil agus oiliúint, agus cuirfimid lenár dtimpeallacht fhisiciúil agus fhíorúil d’fhonn ár bhfoireann, mic léinn agus comhpháirtithe a chumasú chun a lánacmhainneacht a bhaint amach (CE04).

Ní leor dearcadh amháin agus muid ag iarraidh fadhbanna an domhain a réiteach. Dearbhaímid mar sin a thábhachtaí is atá an idirdhisciplíneacht chun tionchar a imirt. Is beag rath a bheadh orainn gan téagar agus idirdhisciplíneacht ár saineolais, idir bhuneolas agus eolas feidhmeach, sna heolaíochtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí. Cuireann sé ar ár gcumas an t-athrú cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch a bhrú chun cinn, agus a bheith réidh aghaidh a thabhairt ar réimsí taighde úrnua. Bainfidh ár gcuid mac léinn leas as curaclaim nuafhorbartha atá bunaithe ar thaighde agus a tharraingíonn ar láidreachtaí idirdhisciplíneacha ár n-ollscoile (CE05).

Cuirfimid barr feabhais ar ár dteagasc, taighde agus nuálaíocht trí úsáid a bhaint as Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe mar threoirphlean chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach (CE06). Agus muid i mbun caidrimh lenár gcomhpháirtithe áitiúla, náisiúnta agus ar fud an domhain, tabharfaimid cuireadh dóibh siúd a bhfuil suim acu i dtaighde a thacaíonn leis na réimsí seo a leanas:

Polasaí agus sochaí a fheabhsú  (CE07)

sochaithe uilechuimsitheacha

leanaí, teaghlaigh agus cearta an duine

polasaí agus eacnamaíocht sláinte

forbairt eacnamaíochta inbhuanaithe

fiontraíocht agus nuálaíocht ghnó

Cruthaitheacht agus cultúr a shaibhriú
(CE08)

daonnachtaí digiteacha

taighde stairiúil agus liteartha

na healaíona cruthaitheacha

teanga, cultúr agus féiniúlacht

an Ghaeilge

tíreolaíocht, láthair agus polaitíocht

Sláinte agus folláine a fheabhsú
(CE09)

teicneolaíochtaí leighis

leigheas athghiniúnach

sláinte an daonra agus seirbhísí sláinte

néareolaíocht

taighde ar ailse

Barr cumais a bhaint amach le cabhair sonraí agus teicneolaíochtaí cumasúcháin
(CE10)

eolaíocht sonraí agus córais faisnéise gnó

intleacht shaorga

ardáin agus seirbhísí ríomhaireachta forbartha

léasair agus optaic

Ár bpláinéad agus ár ndaoine a chothú (CE11)

gníomh aeráide

fuinneamh glan

éiceachórais aigéin, fionnuisce agus talún

bithgheilleagar inbhuanaithe

Aon Sláinte Amháin

Tabharfaimid spreagadh chomh maith dár dtaighdeoirí a bhfuil dúil acu dul chun cinn a dhéanamh i réimsí taighde idir sheanbhunaithe agus nua (CE12). Aithnímid nach bhfuil aon cheann de na réimsí taighde atá liostaithe thuas neamhspleách ná statach. Is é a leithne is atá ár dtaighde, chomh maith lena idirdhisciplíneacht a chuireann an nuálaíocht chun cinn, agus a chuireann le misean ár n-ollscoile fónamh a dhéanamh don phobal.

Príomhghníomhartha do 2025

Daoine

  • Cuirfimid Straitéis do Dhaoine i dtoll a chéile agus i bhfeidhm a chuirfidh ar chumas comhghleacaithe a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a thacóidh le OÉ Gaillimh a uaillmhianta a bhaint amach, lena n-áirítear clár struchtúrtha d’oiliúint, forbairt agus meantóireacht foirne (AE01)
  • Tacóimid agus cuirfimid le haistriú agus forchéimniú mac léinn trí Straitéis Rathúlachta Mac Léinn a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus trí infheistiú i bpróisis agus i gcórais nua, tríd an gclár dar teideal Conairí Digiteacha na Mac Léinn, a fhreastalaíonn ar riachtanais na mac léinn agus a ullmhaíonn ár n-ollscoil don todhchaí (AE02)

Teagasc agus Taighde

  • Déanfaimid tacaíochtaí acadúla piaraí, tacaíochtaí scileanna acadúla agus nuálaíochtaí curaclaim a phríomhshruthú, agus tuiscint againn ar an ríthábhacht a bhaineann le barr feabhais i dteagasc agus i bhfoghlaim do mhisean ár n-ollscoile (AE03)
  • Déanfaimid infheistiú i gcláir forbartha agus déanfar iad a leathnú amach dóibh siúd ar fad a bhíonn ag teagasc nó a thacaíonn le barr feabhais i bhfoghlaim mac léinn ar fud na hOllscoile (AE04)
  • Tuigimid agus aithneoimid inár bpolasaithe agus inár gcleachtais an tiomantas don teagasc, don nuálaíocht churaclaim, don léann, don chomhchleachtas agus do bhainistíocht chláir (AE05)
  • Bainfimid úsáid as an straitéis agus na luachanna seo mar fhócas chun ár n-institiúidí taighde a athnuachan féachaint le cinntiú go mbeidh tionchar leanúnach againn agus go dtacóimid le caighdeáin arda (AE06)
  • Tabharfaimid faoi infheistíocht chun córas taighde inbhuanaithe a bhaint amach a thacaíonn lenár n-institiúidí agus ionaid taighde, áiseanna lárnacha taighde agus córais tacaíochta taighde, agus fócas ar leith againn ar infheistíocht a thacóidh le tallann agus le gradaim (AE07)
  • Féachfaimid le díriú ar chlár oibre taighde an Aontais Eorpaigh d’fhonn deiseanna maoinithe a uasmhéadú, ag teacht lenár misean chun freastal ar an tsochaí (AE08)
  • Bunóimid scoileanna iarchéime i réimsí sainiúla tosaíochta taighde agus déanfaimid ár bhforbairt clár iarchéime a ailíniú lena bhfuil ar siúl ag ár n-institiúidí taighde idirdhisciplíneacha (AE09)
  • Déanfaimid ár Leabharlann a athfhorbairt don aonú haois is fiche trí Ionad Foghlama a bhunú a thacaíonn agus a spreagann cineálacha nua rannpháirtíochta i bhfoghlaim inár bpobail trí chéile (AE10)

Tionchar agus Cáil

  • Oibreoimid go gníomhach chun cáil na Gaillimhe a chothú go hidirnáisiúnta mar ionad barr feabhais i dteicneolaíocht an leighis, eolaíocht sonraí, cultúr agus cruthaitheacht, aeráid agus aigéin, beartas poiblí, agus nuálaíocht i Straitéis Fostaíochta don Todhchaí de chuid Rialtas na hÉireann (AE11)
  • Cuirfimid comhpháirtíochtaí straitéiseacha nua ar bun le hionaid taighde barr feabhais clúiteacha náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta a mbeidh fócas faoi leith acu ar chomhpháirtíochtaí taighde agus ar mhalartú foirne/mac léinn (AE12)
  • Forbróimid clár ábhar tarraingteach chun torthaí agus tionchar ár dtaighde agus nuálaíocht a chur ar taispeáint ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta (AE13)

  Chun teacht ar eolas faoi chur i bhfeidhm na bpríomhghníomhartha seo, chomh maith le tuairimí na foirne maidir leis na beartais is suntasaí, an bealach ina bhfuil an comhthéacs ag athrú agus na dúshláin atá fós le sárú, CLICEÁIL ANSEO (rochtain inmheánach amháin).