OÉ Gaillimh atá Oscailte

  Leagan Gaeilge

Open NUI Galway

Our University is a proactive collaborator and an ally for good both locally and globally. Openness, diversity and inclusion are fundamental to our approach to innovation, engagement and creativity. We will actively engage with external stakeholders, alumni and the public to maximise and amplify our impact (CP01).

In today’s knowledge-based economy and society, the value of a university education is higher than ever. We champion education as a force for positive change and promote lifelong learning opportunities for all. We are committed to social inclusion and providing a welcoming environment where everyone has a sense of belonging and can thrive.

 

Our actions will reflect our commitment to accessibility, inclusivity and engaging openly with the world.

We will build an inclusive culture that proactively seeks to improve access to education, enable collaboration and support our people regardless of their background (CP02). We will invest in a physical environment that ensures our university is open and accessible to all our communities (CP03).

We will strive to make a positive impact on society through partnering with other universities, organisations and communities, locally and internationally, to enable the creation and sharing of knowledge, expertise and technologies (CP04). Our focus on internationalisation and our commitment to our international relationships and partners will be framed in the context of the UN Sustainable Development Goals, with a specific focus on SDG 17: Partnership for the Goals. We will enhance our entrepreneurial ecosystem in collaboration with industry, employers and other stakeholders in recognition of our unique role in creating the skills and scholarship that drive growth across our region and nationally (CP05).

We recognise the distinctive and positive value of the Irish language as part of our culture and identity. We take pride and joy in our unique role in leading higher education and research in the Irish language, and we appreciate the importance of thriving Irish-speaking communities in the Gaeltacht and beyond. We will work with our communities to enhance our bilingual campus and share our passion for the Irish language with the world (CP06).

Flagship Goals for 2025

Access and Inclusion

  • We will implement a capital development programme that is student-centred, community-focused and disability-conscious, to enhance access and engagement with our campus and facilities (AP01)
  • We will adopt the Principles of Universal Design in our learning and working environment to increase accessibility, accommodate different approaches to learning and enable students to fulfil their potential (AP02)
  • We will further develop our pathways for accessing education, building on our designation as a University of Sanctuary, to deliver a portfolio of supports for all communities to access higher education (AP03)
  • We will create an Open Scholarly Community in which the process, content and outcomes of research are ethically managed and openly accessible, and promote the use and production of Open Educational Resources (AP04)
  • We will encourage and welcome a broad international mix of staff and students across our taught and research programmes at undergraduate and postgraduate levels (AP05)

Collaboration and Partnerships

  • We will develop and implement a clear strategy for internationalisation and international collaboration that maximises the global impact and reach of the University in the context of the Government’s Global Ireland programme (AP06)
  • We will design and implement a structured programme of engagement for strategic external stakeholders, including alumni, industry, community and government, to benefit from advice, expertise, support and engagement (AP07)
  • We will engage more deeply with European Union institutions and networks to maximise the University’s impact (AP08)
  • We will develop and implement an ambitious and future-focused strategy for the Irish language, in partnership with national stakeholders and Gaeltacht communities, based on our values of respect and sustainability (AP09)
  • We will embed the distinctiveness of our region in our curriculum by providing our students with opportunities for work-based learning, fieldwork, and community-based and service learning (AP10)
  • We will create greater opportunities for our students and staff to broaden their horizons and gain diverse international experience through study abroad programmes, work placements, mentoring, and teaching and research collaborations (AP11)
  • We will establish partnerships with development agencies and stakeholders for our region to support the growth and scaling of indigenous and international businesses (AP12)
  • We will embed engaged research across the University by involving and collaborating with the public throughout the process of our research activities (AP13)

  For an update on progress towards achieving these Flagship Actions, including staff perspectives on our greatest achievements, the changing context and the outstanding challenges, CLICK HERE (internal access only).

***

OÉ Gaillimh atá Oscailte

Is comhoibrí réamhghníomhach ár n-ollscoil, agus comhghleacaí ar son an leasa go háitiúil agus go domhanda. Tá an oscailteacht, an éagsúlacht agus an cuimsiú lárnach dár gcur chuige don nuálaíocht, don rannpháirtíocht agus don chruthaitheacht. Beimid i mbun caidreamh gníomhach le páirtithe leasmhara seachtracha, alumni agus leis an bpobal chun an tionchar atá againn a uasmhéadú (CP01).

Ní raibh oideachas ollscoile chomh luachmhar riamh is atá sé i ngeilleagar agus i sochaí eolasbhunaithe an lae inniu. Tá an t-oideachas á chur chun cinn againn mar mhodh chun athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm agus chun deiseanna foghlama feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách. Táimid tiomanta do chuimsiú sóisialta, agus féachfaimid le timpeallacht fháilteach a chur ar fáil ina mbraitheann gach duine muintearas agus inar féidir leo dul chun cinn a dhéanamh.

 

Léireoidh ár ngníomhartha an tiomantas atá againn don inrochtaineacht, don chuimsiú agus don rannpháirtíocht oscailte leis an domhan.

Cuirfimid chun cinn go gníomhach cultúr cuimsitheach a fhéachann le rochtain ar an oideachas a fheabhsú, comhoibriú a éascú, agus a thacóidh lenár bpobal, beag beann ar an gcúlra atá acu (CP02). Déanfaimid infheistiú i dtimpeallacht fhisiciúil a chinnteoidh go bhfuil ár n-ollscoil oscailte agus inrochtana do chách (CP03).

Cuirfimid romhainn tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí trí dhul i gcomhar le hollscoileanna, le heagraíochtaí agus le pobail eile, go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, chun go n-éascófar cruthú agus roinnt eolais, saineolais agus teicneolaíochtaí (CP04). Déanfar an bhéim atá againn ar idirnáisiúnú agus ár dtiomantas dár gcaidrimh idirnáisiúnta a cheapadh i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG) na Náisiún Aontaithe, agus béim ar leith ar SDG 17: Comhpháirtíocht do na Spriocanna. Agus aitheantas á thabhairt againn don ról uathúil atá againn chun na scileanna agus an scoláireacht a chothú a chuireann dlús le fás eacnamaíoch inár réigiún agus go náisiúnta, feabhsóimid ár gcóras tacaíochta don fhiontraíocht i gcomhpháirt leis an earnáil thionsclaíoch, le fostóirí agus le páirtithe leasmhara eile (CP05).

Aithnímid luach sainiúil agus dearfach na Gaeilge mar ghné dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Tá bród agus áthas orainn as an ról uathúil atá againn ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas agus don taighde i nGaeilge, agus aithnímid a thábhachtaí agus atá sé go mbeidh pobail labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus níos faide i gcéin. Oibreoimid as lámha a chéile lenár bpobail chun cur lenár gcampas dátheangach agus chun an dúil atá againn sa Ghaeilge a roinnt leis an domhan mór (CP06).

Príomhghníomharthat do 2025

Rochtain agus Cuimsiú

  • Cuirfimid clár forbartha caipitil i bhfeidhm a bheidh mac léinn-lárnaithe, dírithe ar an bpobal agus a bheidh comhfhiosach ar mhíchumas, chun rochtain ar agus rannpháirtíocht lenár gcampas agus lenár n-áiseanna a fheabhsú (AP01)
  • Glacfaimid le Prionsabail an Dearaidh Uilíoch inár dtimpeallacht foghlama agus oibre chun inrochtaineacht a mhéadú, freastal a dhéanamh ar stíleanna foghlama éagsúla agus chun cabhrú le mic léinn barr a gcumais a bhaint amach (AP02)
  • Agus muid ag tógáil ar ár n-ainmniúchán mar Ollscoil Tearmainn, forbróimid réimse tacaíochtaí do gach pobal ar mian leo rochtain a fháil ar an ardoideachas (AP03)
  • Glacfaimid cur chuige eiseamláireach chugainn féin maidir le Pobal Oscailte Léinn ina ndéantar próiseas, ábhar agus torthaí taighde a bhainistiú go heiticiúil agus a chur ar fáil go hoscailte, agus cuirfimid chun cinn úsáid agus táirgeadh Acmhainní Oideachais Oscailte (AP04)
  • Spreagfaimid agus cuirfimid fáilte roimh mheascán leathan idirnáisiúnta de chomhaltaí foirne agus mic léinn inár gcláir thaighde agus mhúinte ag an leibhéal fochéime agus iarchéime (AP05)

Comhar agus Comhpháirtíochtaí

  • Déanfaimid straitéis shoiléir a fhorbairt agus a chur chun feidhme don idirnáisiúnú agus don chomhar idirnáisiúnta a chabhróidh le tionchar agus le clúdach na hOllscoile a uasmhéadú ar bhonn domhanda i gcomhthéacs chlár an Rialtais, Éire Dhomhanda (AP06)
  • Déanfaimid clár struchtúrtha rannpháirtíochta do pháirtithe leasmhara seachtracha straitéiseacha a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear alumni, an earnáil thionsclaíoch, an pobal agus an rialtas, chun go mbainfimid leas as comhairle, saineolas, tacaíocht agus rannpháirtíocht (AP07)
  • Féachaimid lenár gcaidreamh le hinstitiúidí agus le líonraí an Aontais Eorpaigh a leathnú d’fhonn tionchar na hOllscoile a uasmhéadú (AP08)
  • Déanfaimid straitéis uaillmhianach don todhchaí i leith na Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara náisiúnta agus le pobail Ghaeltachta, bunaithe ar luachanna an ómóis agus na hinbhuanaitheachta (AP09)
  • Déanfaimid sainiúlacht ár réigiúin a neadú inár gcuraclam trí dheiseanna a chur ar fáil dár mic léinn tabhairt faoi fhoghlaim obairbhunaithe, obair allamuigh, foghlaim phobal-bhunaithe agus foghlaim seirbhíse (AP10)
  • Cruthóimid tuilleadh deiseanna dár mic léinn agus dár gcomhaltaí foirne taithí éagsúil idirnáisiúnta a fháil trí chláir staidéir thar lear, socrúcháin oibre, meantóireacht agus comhoibrithe teagaisc agus taighde (AP11)
  • Cuirfimid comhpháirtíochtaí ar bun le gníomhaireachtaí forbartha agus le páirtithe leasmhara d’fhonn tacú le fás agus le scálú gnóthaí dúchasacha agus idirnáisiúnta (AP12)
  • Déanfaimid taighde feidhmeach a neadú san Ollscoil trí chéile trí chuireadh a thabhairt don phobal gabháil le próiseas ár ngníomhaíochtaí taighde, agus trí chomhoibriú leo (AP13)

  Chun teacht ar eolas faoi chur i bhfeidhm na bpríomhghníomhartha seo, chomh maith le tuairimí na foirne maidir leis na beartais is suntasaí, an bealach ina bhfuil an comhthéacs ag athrú agus na dúshláin atá fós le sárú, CLICEÁIL ANSEO (rochtain inmheánach amháin).