Tionscadal Domhanda le dúshlán a thabhairt don bhréagnuacht faoin imirce

om Feel, Ceann Disciplín na hIriseoireachta agus na Cumarsáide in OÉ Gaillimh
Apr 26 2021 Posted: 12:50 IST

Tá an chomhpháirtíocht idirnáisiúnta idir OÉ Gaillimh, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) agus Cúnamh Éireann le hoiliúint sna meáin maidir leis an imirce agus leis an mífhaisnéis a chur ar fáil 

Bunaíodh comhpháirtíocht dhomhanda nua idir OÉ Gaillimh agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, le dul i ngleic le bréagnuacht faoin imirce.

Is tionscnamh atá á stiúradh ag IOM é Acadamh Meán na hImirce Domhanda, lena mbaineann cláir sa litearthacht mheán le hoiliúint a chur ar mhic léinn agus ar iriseoirí i dtreo agus gur féidir leo mífhaisnéis a aithint agus a bhréagnú agus dúshlán a thabhairt di freisin.

Tá an tionscadal á chomh-mhaoiniú ag Ciste Forbartha an IOM agus ag Cúnamh Éireann, agus tá forbairt an bhunchúrsa dhomhanda á stiúradh ag Tom Feel, Ceann Disciplín na hIriseoireachta agus na Cumarsáide in OÉ Gaillimh.

Reáchtálfar na cláir i gceithre thír i dtosach báire – Meicsiceo, an tSeirbia, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha – sula reáchtálfar i dtíortha eile é de réir mar a leanann an tionscnamh ar aghaidh.

Deir Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, T.D.: “Léirigh na 12 mhí seo a chuaigh thart a thábhachtaí agus atá an nuacht agus foinsí nuachta maidir le heolas a thabhairt dúinn agus oideachas a chur orainn. Cé gur contúirt í an bhréagnuacht a bhfuil a thuilleadh daoine ag éirí feasach fúithi, níl a fhios ag go leor cén chaoi a gcuirtear ina coinne ná a nochtar í. Mar sin de, cuirim fearadh na fáilte roimh thionscnamh tábhachtach seo OÉ Gaillimh agus Cúnamh Éireann le dul i ngleic leis an mífhaisnéis agus leis an mbréagnuacht atá á scaipeadh faoin imirce.”

Deir Lalini Veerassamy, ceannaire misin na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) in Éirinn: “Agus Acadamh Meán na hImirce Domhanda á bhunú againn, tá sé tábhachtach institiúid acadúil iontaofa ar nós OÉ Gaillimh bheith ag oibriú linn d’fhonn uirlisí oiliúna caighdeánaithe maidir leis na meáin agus leis an imirce a fhorbairt. Maidir leis an mbunchúrsa domhanda de, déanfar é a comhthéacsú d’fhonn go léireoidh sé na dinimicí imirce éagsúla ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus cuirfidh sé ar fáil d’iriseoirí ar fud an domhain na huirlisí riachtanacha le scéalta níos cothroime agus níos cruinne faoin imirce a fhorbairt, beart a laghdóidh scaipeadh na mífhaisnéise.”

Deir an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Baineann tionscadail mar seo go díreach le péire dár gcroíluachanna. Trí bhíthin tacú le meas agus le hoscailteacht, tá súil againn go mbeidh tionchar claochlaitheach againn ar an tsochaí, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus go mbeimid inár n-eiseamláir sármhaitheasa thar chríocha ár nOllscoile féin. Is saineolaithe ar an litearthacht mheán iad ár n-acadóirí iriseoireachta agus is onóir dóibh bheith ag oibriú leis an IOM ar an tionscadal idirnáisiúnta ríthábhachtach seo, atá á tacú ag Cúnamh Éireann, agus a mbeidh tionchar leathan dearfach aige ar fhoghlaim na sochaí.”

Forbróidh Acadamh Meán na hImirce Domhanda ríomhfhoghlaim agus ábhair oiliúna le dul i ngleic leis an mbréagnuacht. Díreofar aird ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis maidir leis an imirce, lena n-áireofar oiliúint a chur ar mhic lénin le hinneachar díobhálach a aithint agus rianú; fóiréinsic dhigiteach agus teicnící fíoraithe; agus iriseoireacht sonraí.

Tarraingeoidh cúrsaí ar shonraí agus ar thaighde faoin imirce, agus scrúdófar an chaoi a mbíonn tionchar ag forbairtí domhanda amhail COVID-19 ar an imirce agus ar thuairimí an phobail freisin.

Molfar do mhic léinn an t-ábhar casta is imirce ann a scrúdú agus scéalta atá spéisiúil, caolchúiseach agus bunaithe ar fhianaise a fhoilsiú.

Tá sé i gceist ag OÉ Gaillimh Scoil Samhraidh a reáchtáil do rannpháirtithe in 2022 freisin.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories