Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh chuairteoirí chuig an gcampas le haghaidh laethanta oscailte fochéime

Sep 27 2022 Posted: 12:03 IST

Cuirfidh Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte daltaí agus a dteaghlaigh chuig an gcampas le haghaidh laethanta oscailte fochéime an fhómhair i mbliana.

Beidh laethanta oscailte an fhómhair ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 7 agus an 8 Deireadh Fómhair, ó 9am go 3pm gach lá.

Tá an ócáid thábhachtach seo i bhféilire na hOllscoile dírithe ar dhaltaí i ngach bliain, tuismitheoirí, múinteoirí gairmthreorach agus múinteoirí eile. Moltar go háirithe do dhaltaí Ardteistiméireachta atá ag ullmhú do CAO 2023 freastal ar na laethanta oscailte sula ndéanann siad roghanna maidir le cúrsaí agus gairmeacha sna míonna amach romhainn.

Nuair a cuireadh na laethanta oscailte ar siúl ar an láthair an athuair tháinig méadú ar an líon daoine a d’fhreastail orthu. Chláraigh beagnach 6,000 mac léinn le freastal ar na cinn a bhí ar siúl i mí an Mhárta 2022.

Is gá clárú roimh ré agus moltar do chuairteoirí a lá a phleanáil trí bhreathnú ar an sceideal roimh ré agus a dhéanamh amach cé na cainteanna agus na gníomhaíochtaí ar mian leo freastal orthu.

Agus beagnach 70 fochéim á dtairiscint in Ollscoil na Gaillimhe in 2023, tabharfaidh an lá oscailte deis do chuairteoirí bualadh le léachtóirí, comhaltaí foirne agus mic léinn ag na taispeántais sna cúig zón. Beidh comhaltaí foirne ar fáil freisin chun cúrsaí, riachtanais iontrála, socrúcháin oibre, staidéar thar lear agus deiseanna gairme a phlé.

Beidh gach cúrsa agus ábhar sna Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí, Altranas, Eolaíochtaí Sláinte agus Leigheas ar sceideal na gcainteanna. Áirítear freisin cainteanna ar Shaol na Mac Léinn, Spórt, Staidéar Thar Lear, Gairmeacha agus obair dheonach ALIVE.

Eagróidh an tIonad Rochtana seisiún ar bhealaí iontrála eile, ar thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta agus ar an mbealach iontrála QQI/FETAC/PLC.

B’fhéidir go mbeadh suim ag máithreacha, aithreacha agus caomhnóirí i gCaint na dTuismitheoirí nach mbeidh ar siúl ach Dé Sathairn ag 12pm le comhairle agus treoir a fháil ar conas is féidir leo tacú le lena gclann agus iad ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. 

Leag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta agus For-rochtana na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a sholáthar do mhic léinn chun an campas a fheiceáil agus smaoineamh ar a gcuid staidéir amach anseo.

“Is luach lárnach í an oscailteacht in Ollscoil na Gaillimhe agus is é ár n-aidhm clár gníomhaíochtaí atá dinimiciúil agus tarraingteach a sholáthar do chuairteoirí, le go leor deiseanna chun bualadh leis an bhfoireann agus le mic léinn agus am agus spás chun an campas a fheiceáil,” a dúirt sí

“Tá cúig chineál éagsúla turas treoraithe ar fáil, ina measc turais champais, turais lóistín agus cuairteanna treoraithe ar spásanna teagaisc agus foghlama lena n-áirítear innealtóireacht, altranas agus cnáimhseachas agus Cúinne na Cruthaitheachta sa leabharlann. Trí chuairt a thabhairt ar áiseanna an champais agus ar an timpeallacht foghlama níos leithne, tugtar léargas iomlánaíoch do dhaltaí ar a mbeidh rompu i saol an choláiste agus tugtar ugach dóibh dá gcuid staidéir amach anseo.”

Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityofgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories