Cruinniú Mullaigh Atlantaigh na Gaillimhe 2026 – Clár fógartha agus réamhchlárú oscailte anois

Monday, 17 August 2026

Atlantic Summit
An Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara, an t-Ollamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, agus an Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Imeacht idirnáisiúnta tábhachtach á reáchtáil i nGaillimh chun todhchaí an Taighde Aigéin AE agus Atlantaigh a mhúnlú

Inniu d’fhógair Foras na Mara, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, le tacaíocht ón Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an clár agus thug siad cead do dhaoine réamhchlárú do Chruinniú Mullaigh an Atlantaigh na Gaillimhe 2026. Beidh an t-imeacht ar siúl ar an 8-9 Deireadh Fómhair 2026 in Ollscoil na Gaillimhe agus is Imeacht Gaolmhar le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 é an Cruinniú Mullaigh.

I láthair ag Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh na Gaillimhe 2026 beidh straitéisithe, taighdeoirí, déantóirí beartais, nuálaithe agus pobail aigéin aitheanta a bheidh ag díriú ar thodhchaí chlár oibre taighde aigéin an Atlantaigh agus na hEorpa a mhúnlú.  Bunaithe ar an téama "Clár Oibre Taighde, Nuálaíochta agus Scileanna Aigéin na hEorpa a Chur Chun Cinn i rith Uachtaránacht na hÉireann ar an AE", beidh an Cruinniú Mullaigh ag feidhmiú mar fhóram speisialta do phlé, comhoibriú agus malartú straitéiseach ag uair chinniúnach chomh fada is a bhaineann le beartas aigéin agus comhar idirnáisiúnta Eorpach.

Cruthaíonn an tAtlantach nasc eadrainn ar fad, cuireann sé dlús lenár ngeilleagar, múnlaíonn sé ár n-aeráid agus baineann féidearthachtaí go leor leis chomh fada is a bhaineann le todhchaí na hEorpa. Ag tráth ina bhfuil níos mó dúshlán comhshaoil, eacnamaíoch agus geopholaitiúil le sárú, a bhfuil tionchar acu ar an Atlantach, i rith an Chruinnithe Mullaigh díreofar ar roinnt cuspóirí straitéiseacha lena n-áirítear:

  • Tosaíochtaí a shonrú agus an uaillmhian a mhéadú don chéad chaibidil eile de thaighde agus nuálaíocht a bhaineann leis an Aigéan Atlantach;
  • Dlús a chur le cur chun feidhme eolasbhunaithe an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan agus an Ghnímh Eorpaigh um an Aigéan.
  • Dlús a chur le nuálaíocht chun iomaíochas agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta aigéin a threisiú.
  • Díriú ar cheanglais acmhainne, oiliúna agus scileanna a bheidh ann amach anseo chun tacú le forbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm.

I láthair ag an gCruinniú Mullaigh beidh ionadaithe sinsearacha ón gCoimisiún Eorpach, rialtais náisiúnta, eagraíochtaí taighde, an tionscal, údaráis réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus tionscnaimh aigéin idirnáisiúnta, rud a chiallóidh go mbeidh deis ar leith ann chun comhar Atlantach a threisiú, comhpháirtíochtaí nua a bhunú agus tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo a bhaineann le taighde, nuálaíocht agus rialachas aigéin a mhúnlú. Tráth a bhfuil dúshláin aigéin ag sárú teorainneacha náisiúnta, soláthróidh an Cruinniú Mullaigh ardán ríthábhachtach do chomhar i ndisciplíní, earnálacha agus tíortha difriúla, rud a thacóidh le réitigh roinnte ar dhúshláin roinnte a fhorbairt.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag An Dr Rick Officer, POF Fhoras na Mara: “Tá Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE ag tarlú i rith an dara leath de Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe um an Eolaíocht Aigéin ar mhaithe leis an bhForbairt Inbhuanaithe. Tá ról ceannaireachta ag Éire le fada an lá chomh fada is a bhaineann le dlús a chur le taighde ar an Aigéan Atlantach agus tá áthas orainn go mbeidh an Cruinniú ar siul i nGaillimh arís, cruinniú a bhfuil sé mar aidhm leis tosaíochtaí taighde agus beartais aigéin na todhchaí a shocrú. Deis a bheidh sa Chruinniú Mullaigh chun cur leis na comhpháirtíochtaí agus réitigh atá ag teastáil chun déileáil le dúshláin roinnte ionas gur féidir linn a chinntiú go mbeidh an tAigéan Atlantach sláintiúil, athléimneach agus táirgiúil."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: "Ó tharla go bhfuil iarracht á déanamh ag an Eoraip déileáil le dúshláin aigéin atá ag éirí níos casta an t-am ar fad, tá níos mó tábhachta ag baint anois ná riamh le heolas eolaíochta stuama agus le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise. Is ardán a bheidh i gCruinniú Mullaigh an Atlantaigh na Gaillimhe 2026 chun taighde, beartas agus cleachtas a nascadh, a chabhróidh chun bonn eolais a chur ar fáil do thosaíochtaí a bheidh ann amach anseo i gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta, na hathléimneachta agus na nuálaíochta aigéin."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag An Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: "Tá go leor féidearthachtaí ag baint le réigiún an Atlantaigh chomh fada is a bhaineann le dlús a chur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, nuálaíocht agus tairbhe shochaíoch. Ionas gur féidir tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí sin beidh gá le hinfheistíocht i ndaoine, scileanna agus comhar mar aon le taighde agus forbairt theicneolaíoch. I láthair ag Cruinniú Mullaigh Atlantaigh na Gaillimhe 2026 beidh saineolaithe éagsúla as ar fud na hEorpa agus réigiún an Atlantaigh trí chéile chun scrúdú a dhéanamh ar an tslí is féidir linn cur leis an gcumas, na comhpháirtíochtaí agus na réitigh a bheidh ag teastáil chun tacú le geilleagar gorm inbhuanaithe agus iomaíoch."

Suite ar bhord farraige Atlantach na hEorpa, tá cáil idirnáisiúnta ar Ghaillimh mar ionad bairr feabhais don eolaíocht, taighde agus nuálaíocht mhuirí agus aigéin, rud a chiallaíonn nach bhféadfaí áit níos fearr a roghnú chun an Cruinniú seo a eagrú inti. Is ionann an t-imeacht seo agus deis ar leith do cheannairí aigéin chun comhar Atlantach a threisiú agus a chinntiú go mbíonn beartas aigéin i gcroílár chlár iomaíochais, inbhuanaitheachta agus athléimneachta na hEorpa.

Thar thréimhse dhá lá, beidh deis ag rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gclár spéisiúil a bheidh bunaithe ar spreagaithisc, plé beartais ardleibhéil, plé iomlánach agus malartú líonraithe. I rith an Chruinnithe díreofar ar chuid de na deiseanna agus dúshláin is práinní atá le tabhairt faoi deara san Eoraip agus i réigiún an Atlantaigh go ginearálta, lena n-áirítear pobail chósta a bhfuil teacht aniar iontu, todhchaí gheilleagair an Atlantaigh, breathnóireacht agus nuálaíocht aigéin, aigéin shláintiúla agus tháirgiúla, agus ról na taidhleoireachta eolais, an rialachais agus an athraithe gheopholaitiúill i dtodhchaí an Atlantaigh a mhúnlú.

Ag teacht le tiomantas an Chruinnithe Mullaigh do chomhar idirnáisiúnta agus do rannpháirtíocht idirghlúine, mar chuid den chlár déanfar scrúdú freisin ar ról Chomhghuaillíocht Taighde agus Nuálaíochta Aigéin Uile-Atlantaigh mar shamhail do thaidhleoireacht, comhpháirtíocht agus comhoibriú eolaíochta aigéin ar fud imchuach an Atlantaigh.

Ag tréimhse chinniúnach chomh fada is a bhaineann le clár aigéin na hEorpa, cabhróidh an léargas agus na moltaí a dhéanfar i rith an Chruinnithe le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan agus an Ghnímh Eorpaigh um an Aigéan, agus cabhróidh siad freisin le bonn eolais a chur ar fáil do thosaíochtaí aigéin na hEorpa amach anseo. Spreagfaidh an Cruinniú Mullaigh uaillmhian chinnteoirí agus pháirtithe leasmhara Eorpacha ionas go ndéanfar infheistíocht níos láidre agus níos spriocdhírithe i dtaighde agus nuálaíocht aigéin faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus faoin gcéad Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (CR10) eile.

Réamhchláraigh Anois Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026 | Cruinniú Mullaigh an Atlantaigh 2026

Is féidir le daoine agus le heagraíochtaí ar mian leo cur leis an bplé a bhfuil todhchaí aigéin na hEorpa á mhúnlú aige réamhchlárú anois. Chun ionadaíocht chothrom a chinntiú chomh fada is a bhaineann le beartas, taighde, tionscal agus sochaí, leithdháilfear áiteanna trí phróiseas iarratais. Bunaithe ar an leibhéal spéise a bhfuiltear ag súil leis ar fud na hEorpa agus in áiteanna eile níos faide i gcéin, moltar do rannpháirtithe a gcuid iarratas a chur isteach go luath.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories