Course Overview

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfidh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith maidir leis an eagarthóireacht, le haistriú téacsleabhar agus le haistriú cáipéisí a bhaineann le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, oireann an cúrsa seo go paiteanta do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.

Tá gach mac léinn a chláraíonn ar an gcúrsa seo i dteideal scoláireacht a fháil. Moltar don iarratasóir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa chun breis eolais a fháil faoi na deiseanna seo.

Is féidir le mic léinn an MA (Léann an Aistriúcháin) cur isteach ar Sparánacht Choilm Uí Eocha freisin; féach: www.universityofgalway.ie/postgraduate_scholarships/.

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar line.

 

 

Who Teaches this Course

  • Séamus Ó Coileáin MPhil
  • Eoin Ó Droighneáin MA
  • An Dr Rose Ní Dhubhda
  • Tomás Ó Maolalaidh MA

Requirements and Assessment

Iarrtar ar gach iarratasóir ráiteas pearsanta c.500 focal a scríobh. 

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú. 

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

1MAL2: cúrsa dhá bhliain, páirt-aimseartha

Next start date

Meán Fómhair 2025

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

MA-LEA

Course Outline

I mbliain 1 den chúrsa déantar na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge. Ina theannta sin, cuirtear príomh-mhíreanna gramadaí na Gaeilge i láthair na mac léinn ó thús go deireadh. Dírítear ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil agus téitear i ngleic leis na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil.

I mbliain 2 den chúrsa cuirtear oiliúint ar na mic léinn i ngnéithe tábhachtacha den aistriúchán. Ar a n-áirítear Aistriúchán Téacsanna 3 (mar a gcíortar aistriú téacsleabhar agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin sa réimse seo), Aistriúchán Téacsanna Eorpacha (mar a gcíortar téacsanna faisnéiseacha a bhaineann le hInstitiúidí na hEorpa) agus Eagarthóireacht agus Léamh Profaí (mar a ndéantar straitéisí éifeachtacha eagarthóireachta a shealbhú agus a chur i bhfeidhm). Tugtar léargas ar mhodheolaíochtaí agus ar chleachtas le haghaidh taighde iarchéime i réimse an aistriúcháin i Modheolaíochtaí agus Cleachtas Taighde agus Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais.

Curriculum Information

Beidh díol 30 ECTS de na modúil seo a leanas le roghnú i mBliain 2 den chúrsa. Ní gá go mbeadh gach modúl thíos ar fáil in aon bhliain faoi leith agus ní mór géilleadh do chomhairle Chomhordaitheoir an Chláir agus na modúil á roghnú.

Bliain 2 (30 ECTS)

CU103: Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde—5 ECTS—Seimeastar 1

LT104: An tAistriúchán Ríomhchuidithe—5 ECTS—Seimeastar 1

LN6110: Eagarthóireacht agus Léamh Profaí—5 ECTS—Seimeastar 1

LN6107: Aistriúchán Téacsanna 3 (Béarla—Gaeilge)—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6109: Aistriúchán Téacsanna Eorpacha—5 ECTS—Seimeastar 2

LT6102 Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais—5 ECTS—Seimeastar 2

Ó tharla go bhfuil deiseanna den scoth anois in Éirinn agus san Eoraip dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aistriúcháin nó teanga acu, tá an cúrsa iarchéime seo ina cháilíocht an-phraiticiúil dóibh siúd ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla. Chuige sin, dírítear ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta is riachtanaí chun gabháil le ceird an aistriúcháin.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil an aistriúcháin. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais, na meáin chraolta agus chlóite, eagraíochtaí pobail, etc.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€4,105 (including levy) p.a. 2025/26

Fees: Tuition

€4,000 p.a. 2025/26

Fees: Student levy

€105 p.a. 2025/26

Fees: Non EU

Find out More

Tomás Ó Maolalaidh, Comhordaitheoir an Chláir
F: +353 91 492 734
R: aistriu@ollscoilnagaillimhe.ie

Follow us on Twitter