Wednesday, 27 March 2024

Leabharlannaí nua ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Monica Crump ceaptha mar Leabharlannaí na hOllscoile. Is í Monica Crump an 12ú Leabharlannaí ó bunaíodh an Ollscoil in 1845. Ceapadh Monica agus forbairt shuntasach ar bun ar an Leabharlann agus an tIonad nua Foghlama, i gcroílár an champais. Beidh spás nua ardteicneolaíochta anseo do mhic léinn, don taighde agus don fhoireann, áit a gcuirfear béim ar fhoghlaim lena mbaineann comhoibriú níos fearr, foghlaim atá níos dírithe ar chuidiú teicneolaíochta agus foghlaim atá níos cruthaithí agus déanfar sin ar fad a chumasú. Sa spás nua chomh maith beidh rochtain ar leabhair, ar fhaisnéis agus ar thacaíocht d’aistear foghlama na mac léinn. Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: "Ba mhaith liom tréaslú le Monica Crump agus gach rath a ghuí uirthi ina ról mar Leabharlannaí na hOllscoile, go háirithe ós rud é go mbeidh ról ríthábhachtach aici i gceann de na tionscadail is tábhachtaí agus is spreagúla ó bunaíodh an Ollscoil – an Leabharlann agus Ionad nua Foghlama. “Tá an leabharlann mar chuid lárnach de shaol na hollscoile agus is áit lárnach í don phobal foghlaimeoirí agus lucht taighde. D’oibrigh mise le Monica roimhe seo, lena n-áirítear mar chomhbhall d’Údarás na hOllscoile, agus is comhghleacaí dearfach, cuiditheach í atá tiomanta d’fheabhas a chur ar an ollscoil seo ar mhaithe le leas an phobail. Táim ag tnúth le bheith ag obair le Monica Crump agus a foireann agus muid ag comhlíonadh gach atá leagtha amach againn maidir le háis nua a chruthú, atá dílis dár luachanna mar atá oscailteacht, barr feabhais, meas, inbhuanaitheacht, agus braistint muintearais, ní atá thar a bheith tábhachtach dúinn go léir. “Is í Monica an duine is déanaí de líon mór Leabharlannaithe iomráiteacha Ollscoil na Gaillimhe. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do thiomantas an Leabharlannaí roimpi atá ar scor anois, John Cox. Is minic a léirítear ár gcuid oibre san Ollscoil san oidhreacht a fhágaimid agus na deiseanna a chruthaímid do dhaoine eile a thagann inár ndiaidh, agus tá an-chreidiúint ag dul do John as an mbunchloch a leag sé síos ar mhaithe leo siúd a thagann anseo le foghlaim, le taighde agus le teagasc a dhéanamh.” Tá níos mó ná 500,000 imleabhar sa Leabharlann chomh maith le leabharlann dhigiteach chuimsitheach, lena n-áirítear rochtain ar níos mó ná milliún ríomhleabhar agus 230,000 irisleabhar leictreonach. Tá bailiúchán fairsing de bheagnach 450 cartlann ag an Leabharlann chomh maith lena n-áirítear iad siúd de chuid Mháire Mhic Róibín, Chonradh na Gaeilge agus John McGahern. I measc an obair is nuaí a rinneadh tá digitiú ar Bhailiúchán litreacha eisimirceach Kerby A Miller agus forbairt Chúinne na Cruthaitheachta sa Leabharlann atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Dúirt Leabharlannaí na hOllscoile, Monica Crump: “Is mór an onóir é a bheith roghnaithe mar an chéad Leabharlannaí Ollscoile eile in Ollscoil na Gaillimhe, mar a rinne an oiread sin leabharlannaithe iontacha anseo romham. Tá foireann den scoth ag an Leabharlann ag iarraidh a chinntiú go gcuirfimid na hacmhainní faisnéise, na tacaíochtaí, na spásanna agus an t-infreastruchtúr is fearr ar fáil a chuireann ar chumas ár mic léinn, ár dtaighdeoirí agus ár bhfoireann acadúil barr feabhais a bhaint amach ina gcuid staidéir, teagaisc agus taighde.  “Beidh sé mar phribhléid agam foireann na Leabharlainne a threorú uaidh seo amach i bhfianaise fhorbairt na Leabharlainne agus an Ionaid nua Foghlama. Táim ag súil lena chinntiú go mbainfimid leas as na deiseanna a chuireann an foirgneamh nua ar fáil chun ár spásanna, ár seirbhísí agus ár dtacaíochtaí a athrú ó bhonn chun teagasc agus foghlaim an 21ú hAois a léiriú. Táimid ag pointe tábhachtach freisin maidir le hathrú na foilsitheoireachta scolártha, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain oscailte ag cách ar aschuir an taighde. Is é an chloch is mó ar ár bpaidrín, an tacaíocht agus an treoir a sholáthar a chabhróidh le pobal na hOllscoile aistriú chuig an múnla seo de thaighde oscailte. Tagann Monica Crump i gcomharbacht ar John Cox a chuaigh ar scor in 2023 tar éis 15 bliana mar Leabharlannaí Ollscoile. Tá taithí 30 bliain ag Monica Crump ag obair san ardoideachas, mar leabharlannaí agus mar thaighdeoir agus tá spéis ar leith aici i saol na cumarsáide agus na foilsitheoireachta scolártha atá de shíor ag athrú, chomh maith le hailíniú agus forbairt foirne chun spriocanna agus tacaíocht straitéiseach institiúideach a sheachadadh agus tacú le riachtanais úsáideoirí atá ag teacht chun cinn. Ba é Séamas Ó hArgadáin an chéad Leabharlannaí a bhí san Ollscoil, agus is staraí agus ársaitheoir iomráiteach a bhí ann, ó 1845-1855. Ina dhiaidh sin bhí John Richardson (1855-1877); D’Arcy Wentworth Thompson (1877-1902); Valentine Steinberger (1902-1916); John Howley (1917-1935); Michael J. Fahy (1936-1960); Christopher Townley (1960-1982); Alf Mac Lochlainn (1982-1987); Patricia O’Connell (1987-1991); Marie Reddan (1991-2008). Tógadh Leabharlann reatha Ollscoil na Gaillimhe in 1973 agus tá sí i gcroílár Áras Uí Argadáin i lár an Champais Theas. Rinneadh an athfhorbairt mhór is déanaí ar an Leabharlann in 1999. Tá cead pleanála faighte ag an Leabharlann agus tIonad Foghlama ón samhradh seo caite don láithreán cois abhann in aice le Bóthar na Drioglainne, le taobh Ionad Spóirt na hOllscoile. Foirgneamh spreagúil, nua, inbhuanaithe, nua-aimseartha, aitheanta atá beartaithe agus beidh an leabharlann nua lonnaithe ann.  RKD Architects a dhear an foirgneamh. Beidh idir ceithre stór agus sé stór ann le spás staidéir, lena n-áirítear limistéir chiúine, aonair agus chomhoibríocha; cúinne na cruthaitheachta agus ionad scoláireachta digití a chumasaíonn cruthaitheacht dhigiteach; bailiúcháin leabhar agus irisleabhar na Leabharlainne, stórálfar go leor díobh seo in Bookbot nó i gcóras stórála ard-dlúis, uathoibrithe; spásanna le haghaidh taispeántas, imeachtaí agus teagaisc; limistéar fáilte a chuideoidh le rannpháirtíocht phobail; deasc chabhrach; agus spásanna ar mhaithe le folláine na mac léinn lena n-áirítear spásanna céadfacha, caifé agus spásanna scíthe agus faoin aer. Críoch 

Friday, 16 December 2022

All eligible University of Galway full time and part time hourly payscales have been updated in line with the provisions of Building Momentum - A New Public Service Agreement 2021-22. Specifically the following increases have been implemented: - With effect from  02nd February 2022, payscales received a 3% increase - With effect from 01st October 2022- payscales received a further 1% increase or €500, whichever is greater  We are still awaiting sanction for the implementation of FEMPI restoration wef 1st July 2022 (save for a limited number of pay scales). Therefore there are no changes to those grades\pensions for now. See paragraph 1.3 in the above link for more details. Further advice will be issued for these grades in due course.

Monday, 24 April 2023

We have been asked to bring to your attention the fact that Secondment Expression of Interest Notices has been issued for the Public Service Transformation Division of the Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform.  Expressions of interest are invited from across all sectors of the Public Service, including higher education, and across a number of grades.  Notices are available directly at the following link, and DPENDR and DFHERIS would very much appreciate your support in circulating to your staff.   The closing date for applications is 2nd May, and we understand the notices issued on Friday 14th April.