Curlew Awards 2026

Curlew Awards Poster

APPLY HERE

The Curlew Awards celebrate and recognise staff in the University of Galway who have shown outstanding dedication to Education for Sustainable Development (ESD) by enriching their teaching, inspiring their students, and fostering a culture of interconnected, global responsibility. The awards are named after Ireland's critically endangered curlew — a red-listed bird and enduring symbol of our connection to the natural world.

The 2026 Curlew Awards are developed in partnership with Atlantic Technological University (ATU) and the Mary Robinson Centre and are open to all teaching staff across the University. Three awardees will be selected from each institution. Each awardee will receive:

  • €500 in seed funding to support their ESD scholarship practice
  • An invitation to attend the Mary Robinson Conference 9-10thJuly 2026, Ballina, Co. Mayo

Applicants should submit a case study (max. 800 words) supported by evidence to demonstrate ESD excellence and impact through the following link. The Curlew Awards will be closed for applications at 3PM on Friday, May 29th 2026. Awardees will be announced on Friday, June 12th 2026.

Ghradaim an Chuirliúin 2026

Tá an-áthas orm a chur in iúl daoibh gur féidir iarratas a dhéanamh anois ar Ghradaim an Chuirliúin 2026.

Déanann Gradaim an Chuirliúin comhaltaí foirne in Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil dúthracht ar leith léirithe acu don Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe (ESD) a aithint agus a cheiliúradh. Déanann siad amhlaidh trína dteagasc a shaibhriú agus a gcuid mac léinn a spreagadh, agus trí chultúr a chothú ina gcuirtear chun cinn freagracht dhomhanda idirnasctha. Ainmníodh na gradaim in onóir do chuirliún na hÉireann, ar éan ar an liosta dearg é atá go mór i mbaol agus ar siombail mharthanach é dár nasc leis an nádúr.

Forbraíodh Gradaim an Chuirliúin 2026 i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) agus le hIonad Mary Robinson, agus is féidir le comhaltaí foirne teagaisc ar fud na hOllscoile cur isteach orthu. Bronnfar an gradam ar thriúr ó gach institiúid. Gheobhaidh an té a mbronnfar an gradam air/uirthi:

  • Síolmhaoiniú arbh fhiú €500 é chun tacú lena gcleachtas scoláireachtaí ESD
  • Cuireadh freastal ar Chomhdháil Mary Robinson ón 9 go dtí an 10 Iúil 2026 i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo

Ba cheart d’iarratasóirí cás-staidéar a sheoladh isteach (800 focal ar a mhéad) le tacaíocht fianaise chun barr feabhais agus tionchar ESD a léiriú ag an nasc seo. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do Ghradaim an Chuirliúin 3pm, Dé hAoine, an 29 Bealtaine 2026. Fógrófar buaiteoir na ngradam Dé hAoine, an 12 Meitheamh 2026.