Seoladh Chartlann Éamoin de Buitléar/Éamon de Buitléar Archive Launch

 

Mórchnuasach neamhchoitianta é cartlann Éamoin de Buitléar d’ábhar ilmheáin a léiríonn saothar ildánach le trí scór bliain anuas. Tá láimhscríbhinní, scannáin agus ábhar físe den uile chineál, cartlann de théipeanna fuaime agus ceoil, scripteanna, trealamh craolacháin agus leabhair i measc na mean éagsúil sa chnuasach eisceachtúil seo. Cuimsítear téamaí a bhaineann leis an gcraoltóireacht, an timpeallacht, ár gceol dúchais agus ábhar a bhaineann le teaghlach agus comhluadar Éamoin sa bhailiúchán. Déanfaidh Leabharlann Shéamais Uí Ardagáin agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an chartlann a dhigitiú agus a bhainistiú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le go mbeadh teacht ag scoláirí, mic léinn agus pobal na Gaeltachta ar an ábhar.

 

The Éamon de Buitléar Archive is an exceptional and unique collection of multimedia material which reflects an outstanding body of work spanning some sixty years. The Archive consists of various media including papers, scripts and manuscripts, animation, film and video, music and audio recordings, books and broadcast equipment. The primary themes of the collection are film-making, the environment, traditional music and material relating to the de Buitléar family. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and the James Hardiman Library will digitise and manage the archive to facilitate access by researchers, students and the Gaeltacht community in the National University of Ireland, Galway.

 

 


Featured Stories