Audio Clips

Éamon de Buitléar and Micheál Holmes at Éamon's home in Delgany, Co. Wicklow

 

Rinne taighdeoir de chuid an tionscadail – Micheál Holmes – an obair chomhthéacsaithe le hÉamon de Buitléar ina theach cónaithe i nDeilgne, Contae Chill Mhantáin, idir Meitheamh agus Iúil 2012.

Roghnaíodh ceithre mhír éagsúla le léiriu níos doimhne a thabhairt dúinn ar chúlra Éamoin - a óige agus a mhuintir; na postanna éagsúla a bhí aige; an grá a thug sé don dúlra; tábhacht na Gaeilge ina shaol; a chuid ceannródaíochta i gcúrsaí craoltóireachta - idir raidío agus theilifís agus an tionchar cinniúnach a d’imir sé ar fhorbairt an cheoil dúchais le Ceoltóirí Chualann agus Ceoltóirí Laighean.

 

Between June and July 2012, the researcher, Micheál Holmes, worked closely with Éamon de Buitléar in his home, contextualising his work.

From this research four tracks were chosen to provide a more in-depth knowledge into Eamon’s life. These were: his youth and his parents; his career; his love of nature; the importance of Irish in his life; his leadership in broadcasting – radio and television; and his influence on traditional music with Ceoltóirí Chualann and Ceoltóirí Laighean

 

Eamon de Buitléar - Track/Rian 1

Mír a hAon: Óige Éamoin de Buitléar                                        Fad = 4.42

Tógadh Éamon de Buitléar i dteach taobh leis an Deargail i gContae Chill Mhantáin agus chuir sé eolas, ina óige, ar na héisc agus ar na hainmhithe ar bhruach na habhann sin. Bhíodh peataí dá chuid féin aige chomh maith.

 

Eamon de Buitléar - Track/Rian 2

Mír a Dó: Amuigh Faoin Spéir                                                      Fad = 4.59

Píosa gairid faoi Amuigh Faoin Spéir, clár teilifíse a bhí mar chuid thábhachtach de sceideal RTÉ ar feadh na mblianta. Éamon féin agus Gerrit Van Gelderen, ón Ísiltír, is mó a d’oibrigh ar an tsraith. Tugadh léiritheoir d’fhoireann Amuigh Faoin Spéir i dtús ama ach is cosúil nach raibh mórán cur amach aige ar an dúlra. Is mar seo a chuaigh Éamon agus Gerrit i mbun pleanála ar an tsraith.

 

Eamon de Buitléar - Track/Rian 3

Mír a Trí:  Ceoltóiri Chualann                                                      Fad = 4.21

Bhí post ag Éamon i siopa mór le rá ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath tráth. Dhéantaí earraí spóirt agus iascaireachta den uile chineál a dhíol i Hely’s. Lá amháin tháinig an fear gafa gléasta isteach chuige ag iarraidh gunna a cheannacht uaidh.

D’aithin Eamon ainm an té seo nuair a shínigh an stráinséir na cáipéisí riachtanacha le gránghunna a cheannacht – Seán Ó Riada a bhí ann. D’fhás cairdeas eadarthu ó tharla gur chuireadar beirt suim sna rudaí céanna.

 

Eamon de Buitléar - Track/Rian 4

Mír a Ceathair: Reacaireacht an Riadaigh                               Fad = 4.34

Sa bhliain 1961 chuir Seán Ó Riada ceolchoirm stairiúil ar bun a bhainfeadh caint nach beag amach ina dhiaidh sin. Bhí maithe agus móruaisle na tíre i láthair agus bhí ról fíor-thábhachtach agus lárnach ón tús ag Éamon maidir le heagar a chur ar imeachtaí na hoíche sin. Thuig an Riadach gur thug Éamon bua na peannaireachta leis óna óige.

 

Éamon de Buitléar - Recorded at home

Éamon de Buitléar speaks about some aspects of his life’s work  -   and about the audio tapes, film reels, videotapes, documents, books and equipment which he is donating to NUI -Galway.   In these short audio clips Éamon outlines some of the work he has done and his satisfaction that his personal archive will remain intact and in Ireland.    ( Recorded by Mícheál Holmes.)


Eamon de Buitléar - Track 1                                        Length = 3.04

In this excerpt Éamon speaks about recorded sound, scripts of radio programmes from the fifties and sixties – Ceoltóirí Chualann and Ceóltóirí Laighean- connections to the Gaeltacht

and his reluctance to export this archival material. He is pleased that NUIG is taking the entire contents to make it available to the younger generation.

 

Eamon de Buitléar - Track 2                                        Length = 4.26

His reason for keeping the film material was because it became a useful working archive for him.

He was careful to preserve tapes sent to him by Seán Ó Ríada and details here the use to which they were originally put. Éamon says that Irish traditional music  was not as widely heard in the 50’s and early 60’s so de devised a story Lúidín Mac Lú where Paddy Moloney would play the tin whistle as an integral part of the live transmission so that children would become familiar with the instrument.

His contentment that the archive material will be preserved and distributed through modern technology.

 

Eamon de Buitléar - Track 3                                        Length = 5.23

Éamon tells of his love of the Irish language, Music and Wildlife; His early years working in television with his friend Gerrit Van Gelderen. Amuigh Faoin Spéir began as a studio based programme but with Gerrrit’s 16mm camera they filmed in black and white and later on in colour. Because they were independent film makers they had editorial control over the material they transmitted. Later on he produced filmstrips  on wildlife for the classroom.

 

Eamon de Buitléar - Track 4                                        Length = 0.49

Here Eamon describes the childhood environment that influenced him and shaped his life.





Featured Stories