Bileog Eolais/Fact Sheet

Bileog Faisnéise: Cartlann Éamoin de Buitléar

 

Maidir le hÉamon de Buitléar 

Tá clú agus cáil ar Éamon de Buitléar mar scannánóir fiadhúlra, ceoltóir, údar agus Seanadóir. Is í an Ghaeilge a mheall siar go hiarthar na tíre i dtosach é. Chuir sé togha aithne ar an taobh sin tíre a bhuíochas dá bhean, Laillí, iníon leis an ealaíontóir Charles Lamb, arbh as an gCeathrú Rua ó thús di, agus rinne líon mór scannán sa cheantar. Tá cinneadh déanta ag Éamon an chartlann shaibhir scannánaíochta agus ceoil a bhronnadh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chuaigh Éamon leis an scannánaíocht fhiadhúlra mar léiritheoir neamhspleách sna 1960idí den chéad uair i ngeall ar an dúspéis a chuir sé sa timpeallacht agus sa dúlra. Ba shraith cheannródaíoch dhátheangach ar RTÉ í Amuigh Faoin Spéir agus d’fhág an tsraith a lorg ar shaol na hÉireann ar feadh na mblianta. Rinneadh sraitheanna do bhealaí teilifíse eile ina dhiaidh sin, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus fadscannáin ar thimpeallacht agus oidhreacht nádúrtha na tíre seo.

Scríobh Éamon roinnt leabhar freisin, leabhair scoile san áireamh, a phléann le ceisteanna timpeallachta agus fiadhúlra, i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí an tsraith beochana do leanaí, ‘Lúidín Mac Lú,’ ar na chéad chartúin bheochana i nGaeilge  a rinneadh agus a craoladh in Éirinn. Ainmníodh mar bhall de Sheanad Éireann é i ndeireadh na n-ochtóidí agus d’imir tionchar nach beag ar pholasaí an rialtais agus ar an gcaibidil náisiúnta maidir le ceisteanna comhshaoil. Tá sé páirteach i mbeartas poiblí le buanú agus atáirgeadh a dhéanamh ar riasca nádúrtha comhtháite.

Cuid dlúth dá shaol freisin é an ceol dúchais. Ball bunaidh de Cheoltóirí Chualann é Éamon, ceolfhoireann cháiliúil a d’eagraigh an cumadóir Seán Ó Riada, lenar chas sé an cairdín. Bhunaigh Éamon de Buitléar grúpa ceoil dá chuid féin i ndiaidh bhás Sheáin Uí Riada sa bhliain 1972, Ceoltóirí Laighean. Chraoltaí ceol an ghrúpa seo ar theilifís agus ar raidió agus thaistil an grúpa ar fud mhór-roinn na hEorpa. D’eisigh Gael linn dhá albam dá gcuid.

 

Maidir le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh 

  • Ar cheann de phríomhinstitiúidí léinn na tíre, bunaíodh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 1845.
  • Is cás go mór leis an Ollscoil an Ghaeilge.
  • Tá OÉ Gaillimh aitheanta go hidirnáisiúnta as feabhas an taighde a dhéantar sna daonnachtaí digiteacha agus i Léann na hÉireann.
  • Tá bailiúchán de chartlanna mórshuntais idirnáisiúnta i réimsí na staire, na polaitíochta, na hamharclannaíochta agus na litríochta in OÉ Gaillimh.
  • Tá digitiú á dhéanamh ag OÉ Gaillimh ar chartlann Amharclann na Mainistreach, an togra cartlannaíochta amharclainne is mó ar tugadh faoi riamh.

 

Maidir le Cartlann Éamoin de Buitléar 

Baineann an Chartlann le saol agus saothar Éamoin de Buitléar. Cuimsítear idir scannáin, théipeanna fuaime, ghrianghraif, chomhfhreagras, chomhaid, threalamh closamhairc sa chartlann chomh maith le hábhar a bhaineann lena athair, an Coirnéal Éamon de Buitléar. Déantar comhthéacsú ar ábhar na cartlainne i sraith de 29 agallamh a taifeadadh le hÉamon le deireanas. Is ionann seo agus beagnach 18 uair a chloig d’ábhar taifeadta.

Isteach is amach le deich mbosca d’ábhar páipéir atá sa chartlann; c.2000 téip fuaime; c.100 téip DAT; c.500 téip físe; agus c.100 canna scannáin (16mm dubh is bán, 16mm daite agus 16mm super). Tá dhá dheis eagarthóireachta scannáin 16mm Steenbeck i measc an trealaimh; meaisín kili amháin, a úsáidtear le fuaim a chur le fís scannáin; seinnteoir téipe digi-beta; taifeadán Nagra III; agus deis téipe ¼” orlaigh.

 

Maidir Leis an Togra Digitithe

Déanfaidh OÉ Gaillimh an chartlann a dhigitiú, a chlárú, a chaomhnú agus rochtain ar an gcartlann a chur ar fáil trí pháirtnéireacht idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Leabharlann Shéamais Uí Ardagáin. Meastar go mbeidh dhá bhliain i gceist leis an togra. Beidh teacht ar an gcartlann dhigiteach in Áras Taighde nua na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, díreach taobh le Leabharlann Shéamais Uí Ardagáin ar phríomhchampas OÉ Gaillimh agus in Ionaid Ghaeltachta na hOllscoile, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna. Beidh teacht ar an ábhar bunaidh sa Leabharlann, áit a mbeidh sé ar buanchoimeád.

 

Úsáid na Cartlainne

Foinse shaibhir a bheidh i gcartlann seo Éamoin de Buitléar don taighdeoir agus don scoláire i réimse na scannánaíochta, staidéir fhiadhúlra, an ceol dúchais agus an Ghaeilge. Ábhair shuntasacha léinn iad seo in OÉ Gaillimh agus déanfaidh an Ollscoil an chartlann dhigiteach a chur ar fáil le go bhféadfadh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta earraíocht a bhaint aisti i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.

 
Tuilleadh Eolais

http://www.oegaillimh.ie/acadamh/

http://www.library.nuigalway.ie/

 

The Éamon de Buitléar Archive: Fact Sheet

 

About Éamon de Buitléar 

Éamon de Buitléar has had a very distinguished career as a wildlife filmmaker, musician, author and Senator. His love of the Irish language first brought him to the West of Ireland. Later with his wife Laillí, daughter of the artist Charles Lamb and a native of Carraroe, he developed strong associations with the area which led to many years of documentary making there. Éamon has agreed to donate his rich archive of film and traditional music to the University.

His passion for the natural world led him to a successful career as an independent film-maker from the 1960s. His bilingual Amuigh Faoin Spéir series on RTE broke new ground in Irish television and proved highly influential over many years. This was followed by other wildlife series for Irish and British television and feature length films on the environment and heritage of Ireland.

Éamon is also the author of several books, including schoolbooks on Ireland's natural history both in English and in Irish. ‘Luidín Mac Lú’, animated stories for children (196o’s), were the first Irish language cartoons made and transmitted in Ireland.  He was appointed to the Seanad in the late 1980s and has throughout his life influenced public opinion and government policy on environmental issues. He is currently involved in a Government-supported initiative replicating and reinstating Ireland’s natural wetland ecosystems.

Traditional music has been another major feature of his life. Éamon was a founder member of Ceoltóirí Chualann, the famous folk-orchestra created by the composer Seán Ó Riada, in which he played the button-accordian. When Seán Ó Riada died in 1972, Éamon de Buitléar formed his own non-professional traditional music group, Ceoltóirí Laighean. The group played on television and radio and travelled to Continental Europe. Two commercial discs were recorded under the Gael-Linn label.

 

About NUI Galway

  • Established in 1845, the National University of Ireland Galway is one of Ireland’s foremost centres of academic excellence
  • The University has a major commitment to the Irish language.
  • NUI Galway has internationally-recognised research expertise in digital humanities and in Irish Studies.
  • NUI Galway is home to an impressive collection of internationally significant archives in the fields of history, politics, theatre and literature.
  • NUI Galway is currently digitising the archive of the Abbey Theatre, the largest theatre archive digitisation project ever undertaken.

 

About the Éamon de Buitléar Archive

The archive relates to the life and work of Éamon de Búitléar, consisting of film, audiotape, photographs, correspondence, files and audiovisual equipment, and includes some material relating to his father, An Coirnéal Éamon de Buitléar. A series of 29 interviews totalling 18 hours, recently recorded with Éamon, contextualises the archive and is included in it.

There are c.10 boxes of paper based material; c.2000 audio-tapes; c.100 Digital Audio Tapes (DAT); c.500 beta-video tapes; and c.100 cans of film (16mm black and white, 16mm colour and super 16mm). Equipment consists of two Steenbeck 16mm film editing machines; one kili machine, used for adding sound to film; a digi-beta tape player; a Nagra III sound-recorder; and a ¼” tape deck.

 

About the Digitisation Project

NUI Galway will digitise, catalogue, preserve and enable access to the archive through a partnership between Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and the James Hardiman Library. It is expected that the project will take two years. The digital archive will be accessible at the new Arts, Humanities and Social Sciences Research Building adjoining the James Hardiman Library on the main NUI Galway campus and at an tAcadamh’s Gaeltacht centres: Carna, Gaoth Dobhair, an Cheathrú Rua. The original materials will be stored and accessible via the Library.

 

Use of the Archive

The archive of Éamon de Buitléar will be a rich source for students and researchers in the areas of film- making, natural history, traditional music and the Irish language. These are all subjects of importance at NUI Galway and the University will make the digital archive available for exploitation by academic and lay audiences, particularly in Gaeltacht areas.

 

For Further Information
http://www.acadamh.ie/

http://www.library.nuigalway.ie/


Featured Stories