An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

16-17 Deireadh Fómhair 2026, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

Gairm ar Pháipéir

Déanfar comóradh, cur agus cúiteamh i mbliana ar Forbairt na Gaeilge, leabhrán tábhachtach ar nádúr, ar fhoirm agus ar chultúr na Gaeilge a scríobh Niall Ó Dónaill 75 bliain ó shin (1951).  Fáilteofar roimh cheardlanna, roimh phainéil agus roimh pháipéir aonair a bhaineann le mórthéama na Comhdhála. Glacfar, mar is gnách, le painéil agus le páipéir ar ghné ar bith de litríocht agus de chultúr na Gaeilge.

Iarrtar ar dhaoine ar mhaith leo ceardlann nó painéal a eagrú dul i dteagmháil le coiste eagraithe na Comhdhála ag an seoladh ríomhphoist thíos. Tugtar cuireadh do scoláirí ar mian leo páipéar aonair (20 nóiméad) a thabhairt ag Comhdháil na bliana seo achoimre 200 focal a chur chugainn ag an seoladh céanna.

Spriocdháta d’Achoimrí: 2 Meitheamh 2026

Seoladh comhfhreagrais: comhdhailnagaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie

Seoltar achoimrí chuig an seoladh seo amháin

Cláraigh dár Liosta Seachadta

M