Cuireann Roinn na Gaeilge ceithre chlár fochéime ar fáil:

1. BA Comhonóracha | BA Joint Honours (GY101)

Cuirtear an Ghaeilge agus an tSibhialtacht Cheilteach ar fáil mar ábhair ar an BA Comhonóracha | BA Joint Honours (GY101) ag Ollscoil na Gaillimhe. Is cúrsa ceithre bliana í an chéim sa Ghaeilge, mar atá i gceist le cúrsa ar bith eile sna nuatheangacha san Ollscoil (m.sh. an Fhraincis nó an Ghearmáinis) agus déanann breis ar 300 mac léinn staidéar ar an nGaeilge le Roinn na Gaeilge faoi láthair.

2. BA Léann Teanga (GY136)

Cuireann Roinn na Gaeilge an Ghaeilge mar ábhar léinn ar fáil don chlár ceithre bliana seo, agus bíonn mic léinn an chláir seo ag déanamh staidéir linn sa chéad, sa dara, agus sa cheathrú bliain den chéim seo. Cuirtear an clár seo ar fáil i gcomhpháirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá eolas faoin gclár ar fáil anseo.

3. BA Cumarsáid & Gaeilge (GY122)

Cuirtear an Ghaeilge mar abhar léinn ar fáil do mhic léinn an chláir seo sa chéad, sa dara agus sa cheathrú bliain dá gclár fochéime. Tá an clár seo curtha ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus tá tuilleadh eolais faoin gclár ar fáil anseo.

4. BComm le Gaeilge (GY208)

Soláthraíonn Roinn na Gaeilge roinnt modúl acadúil sa bhliain deiridh den chlár ceithre bliana seo, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Scoil an Ghnó, & na hEacnamaíochta. Tá tuilleadh eolais faoin gclár ar fáil ar an leathanach seo.