Scoláire Cónaitheach

Is é an Dr Conor McNamara Scoláire Cónaitheach 1916 OÉ Gaillimh, agus déanfaidh sé comhordú agus eagrú ar go leor de na himeachtaí ar chlár comórtha na hOllscoile. Díríonn taighde Conor ar fhoréigean polaitiúil agus ar an ré thaghdach shóisialta in Éirinn sa naoú haois déag agus san fhichiú haois. Tá go leor scríofa aige faoi ghanntanas bia san Iarthar sa chéad leath den naoú haois déag, faoin ré thaghdach shóisialta le linn na réabhlóide agus faoin ngaol idir foréigean polaitiúil agus meirleachas.

Beidh Conor i mbun taighde ar Éirí Amach 1916 agus a chomhthéacs i gCo. na Gaillimhe agus in áiteanna eile in Iarthar na hÉireann. Ullmhóidh sé catalóg acmhainní, i nGaeilge agus i mBéarla, i gcartlanna OÉ Gaillimh agus in áiteanna eile d'fhonn taighde a éascú amach anseo ar réabhlóidithe 1916-23. I gcaitheamh na bliana, labhróidh Conor le grúpaí pobail áitiúil san Iarthar, agus cabhróidh sé chun taispeántas a chur le chéile d'fhonn ról na Gaillimhe sa Chogadh Mór agus i Réabhlóid na hÉireann a cheiliúradh.