Máirtín Ó Briain (1953-2004)

Bhí an Dr Máirtín Ó Briain ina bhall de Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ón mbliain 1979 nó gur rug an bás in antráth é sa bhliain 2004. ‌Scoláire, múinteoir agus comhghleacaí den scoth a bhí ann, duine a chuir go mór le saol na Roinne agus le saol na hOllscoile féin, duine a thabhaigh clú agus cáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta de bharr a shaineolais dhoimhin ar shaíocht na Gaeilge. I ngeall ar inniúlacht Mháirtín ar gach ré den teanga idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, bhí buanna ar leith aige chun móitif a leanúint ó fhíorthús an traidisiúin go dtí an lá atá inniu ann.

I dteannta na litríochta scríofa, bhí spéis nár bheag aige sa bhéaloideas, é sásta tochailt cháiréiseach a dhéanamh agus é sa tóir ar fhianaise a thacódh le heolas a raibh fáil air sna foinsí lámhscríofa nó chun bearnaí sna foinsí céanna a líonadh. I ngeall ar an ildánacht seo, ní hiontas ar bith é gurbh fhearr a thaitin an Fhiannaíocht leis ná aon réimse eile de shaíocht na Gaeilge. Ní hiontas ar bith é ach an oiread, gur faoin bhFiannaíocht a scríobh sé an tráchtas dochtúireachta, Seanchas agus Oileamhain Oisín mhic Fhinn (2000). Díol suntais gur leis an bhFiannaíocht a bhaineann níos mó ná leath na n-aistí léannta a d’fhoilsigh sé [féach Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain, in eagar ag Mícheál Mac Craith agus Pádraig Ó Héalaí (2009), ‘Foilseacháin Mháirtín Uí Bhriain’, 491-494].

Ar an drochuair bhí Máirtín ró-thinn le dul faoi agallamh don Léachtóireacht Statúideach in earrach na bliana 2004. Ba mhór againn ar fad gur thug Uachtarán na hOllscoile, Iognáid Ó Muircheartaigh, cuairt ar Mháirtín san ospidéal seachtain sular shéalaigh sé agus bhronn air an t-ardú céime a bhí tuillte go rí-mhaith aige.

Filíocht Chinaeda uí Artacáin (Tráchtas M.Phil., 1977)

Tugtar le chéile anseo don chéad uair, i dtráchtas M.Phil. Mháirtín Uí Bhriain, a bhfuil againn de shaothar an fhile Cinaed úa hArtacáin, a dtugtar 'príméces Érenn' air in Annála Uladh (obit s.a. 975). Pléitear an t-eolas atá ar fáil faoi shaol an fhile, agus faoina chaidreamh lena mhórphátrúin, Congalach (†956) mac Maíle Mithig, rí na Teamhrach, agus Amlaíb Cuarán (†980), rí Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath. Déantar athbhreithniú ar cheist chaidreamh sóisialta agus cultúrtha na nGael agus na Lochlannach ar a chéile i mBreaghaibh in aimsir an fhile.

Déantar mionanailís ar iomlán an tsaothair atá luaite le Cinaed i gcorpas na lámhscríbhinní Gaeilge, agus dealaítear an chuid dhílis dá shaothar - naoi gcinn de dhánta - ó na dánta eile atá curtha síos dó. Tugtar eagráin chriticiúla, móide aistriúcháin, de na naoi ndánta sin. Léirítear a thábhachtaí is atá filíocht Chinaeda do thraidisiún an dinnsheanchais, agus do dhinnsheanchas Breagh go sonnrach. Tá eolas an-luachmhar, an-doimhin sna nótaí téacsa agus faisnéise a ghabhann leis na heagráin. Tá forlíonadh ar chúl an tráchtais ina bhfuil nótaí breise a chuir Máirtín isteach de láimh thar na blianta. Beidh aon duine a dhéanfaidh taighde ar Chinaed ua hArtacáin faoi chomaoin ag an mórshaothar seo.

Is féidir an tráchtas M.Phil. a cheadú anseo.

Seanchas agus Oileamhain Oisín mhic Fhinn (Tráchtas Dochtúireachta, 2000)

Grinniniúchadh ar na móitífeanna go léir a bhaineann le ‘beathaisnéis’ Oisín sna foinsí Fiannaíochta, idir liteartha is bhéil, is ábhar do thráchtas dochtúireachta Mháirtín Uí Bhriain, Seanchas agus Oileamhain Oisín mhic Fhinn. Barr maise ar an saothar is ea an leas a bhain Máirtín as an gcur amach a bhí aige ar an miotaseolaíocht chomparáideach chun comhthéacs níos soiléire a sholáthar do na móitifeanna seo. Cé gur cheap Gearóid Ó Murchú gur ón  traidisiún béil a shíolraigh an tuiscint gurbh eilit í máthair Oisín, a mhalairt ar fad a bhí fíor de réir iomas Mháirtín. D’éirigh leis an t-iomas seo a phromhadh agus a dhearbhú trí dhianscagadh a dhéanamh ar na foinsí go léir agus comórtas a dhéanamh idir na déantúis liteartha (deich laoi) agus na déantúis bhéil (breis agus dhá chéad foinse). Is comaoin bhreise ar léann na Gaeilge iad na heagráin dhioplómaitiúla a réitigh Máirtín de naoi gcinn de na laoithe, gan trácht ar an eagrán tacair a réitigh sé, bunaithe ar fhianaise an dá théacs is iomláine atá ar fáil.

Is féidir an tráchtas PhD a cheadú anseo.